Tháinig an scéal aniar aduaidh ar an bhfuirseoir aitheanta Gaelach Dara Ó Briain gur ainmníodh astaróideach in ómós dó. Bhí an ríomheolaí aitheanta Kevin Scannell i mbun taighde ar líne nuair a tháinig sé ar an taifead den astaróideach ar shuíomh de chuid NASA.
Roinn an tOllamh Scannell, an t-eolas leis an bhfuirseoir ar Twitter i nGaeilge, agus ba fhreagra Gaeilge a thug Dara air.
Ní raibh fhios agam sin! Sin nuacht íontach!
— Dara Ó Briain (@daraobriain) April 22, 2020
“Ní raibh fhios agam sin! Sin nuacht iontach!”
Roinn Dara giolc Gaeilge Kevin lena 2,500,000 leantóir ar Twitter agus é ar bís gur ainmníodh an neach neamhaí as.
Holy Hell! For those of you whose Irish is rusty… Somebody has named an asteroid after me! YES! God, I hope it doesn’t get diverted from its orbit and end up killing all life on earth; but other than that, there is NO down side to this. 1/3 https://t.co/ft9m1Pj9oP
— Dara Ó Briain (@daraobriain) April 22, 2020
Tógadh Dara le Gaeilge in Éirinn agus bhain sé cáil amach i dtús aimsire mar láithreoir Gaeilge sular aistrigh sé go Sasana agus bhain sé cáil idirnáisiúnta amach mar fhuirseoir. Níl a chuid Gaeilge caillte ag Dara ná baol air agus bíonn sé á húsáid sách minic ar na meáin shóisialta.