Is gairid go mbeidh daoine in ann fiacla a chur as an nua mar a dhéanann siorcanna i gcaitheamh a saoil.
Mar atá a fhios againn, tá béal an tsiorca lán d’fhiacla láidre fíochmhara.
Eascraíonn siad as an nua de réir mar a lobhann, agus a thiteann na seanfhiacla amach.
Sa taighde a reáchtáil Ollscoil Sheffield, deirtear gurb é an lann fiacla (dental lamina) – atá déanta de chealla eipitéiliacha speisialta – is cúis le hathchur na bhfiacla.
Cuireann an grúpa ceall speisialta seo ar chumas an tsiorca fiacla nua a chur arís agus arís eile fad a mhaireann siad.
Tuigtear go bhfuil an grúpa céanna ceall i mbéal an duine agus gurb iad a spreagann cár nua fiacla a thagann tar éis don chéad chuid a thitim amach, rud a tharlaíonn le linn ár n-óige de ghnáth.
I mamaigh, áfach, tá cumas athnuachana na bhfiacla laghdaithe go mór le himeacht na haimsire ach mhair na géinte go láidir i siorcanna.
Meastar gur caomhnaíodh na géinte sin i siorcanna ar feadh breis agus 450,000 bliain agus gurbh iad na géinte céanna sin ba chúis le cur fiacla i veirteabraigh (vertebrates) ó cheart.
Rinneadh anailís ar fhiacla i suthanna (embryos) an chatsúiligh agus fuarthas amach go mbíonn na géinte céanna taobh thiar d’fhás agus athchur na bhfiacla nua.
Ábhar dóchais iad torthaí an taighde seo, mar gur beag a tuigeadh roimhe seo faoin phróiseas géiniteach a bhaineann le hathnuachan fiacla.
Dúirt an Dr.Gareth Fraser, a thug faoin taighde, gur gá níos mó ama a chaitheamh ag déanamh staidéar ar shiorcanna agus go bhfuil féidearthachtaí móra anois ann le teiripe a fhorbairt a rachaidh i ngleic le caillteanas fiacla i ndaoine.