Spéirthumadh ó dhrón


An bhfaca sibh an físeán iontach seo go fóill den chéad spéirthumadh ladrainn – nó dróin – riamh, a thaifead na déantóirí ladrann ón Laitvia, Aerones?

Sea, tá dróin anois ag iompar daoine!

Speisialtóirí i ndomhan na ladrann iad Aerones, atá lonnaithe sa phríomhchathair Ríge.

Roimhe seo, úsáideadh innill Aerones don chéad iarracht clár uisce agus sciála a tharraingt le ladrann, ladrann múchta tine agus ladrann lastais, a d’iompair meáchan mór suas cnoc.

Ar chluintint dó faoi na forbairtí seo, chuaigh an spéirthumadóir Laitviach Ingus Augstkalns i dteagmháil leis na draoithe drón le fáil amach an mbeadh siad sásta inneall a chur ar fáil don chéad spéirthumadh ó ladrann.

Níorbh fhada go raibh Ingus á iompar, faoina stiúir féin, breis agus 1000 troigh in airde ag drón 28 lián.

“Oll-ladrainn” atá baiste ar na hinnill chumhachta seo a bhfuil de chumas acu meáchan duine a iompar gan stró.

Cé go mb’fhéidir go bhfuil spórt nua guaisbheartaíochta cruthaithe ag Aerones, is i bhféidearthachtaí slándála na n-olldrón is mó a bheidh an comhlacht ag díriú.

Craic mhaith mar sin féin, má tá acmhainn agat ar airde!

SCÉALTA EILE