Spléachadh ar an réaltacht mhéadaithe


Tá feicthe againn le déanaí na féidearthachtaí a bhaineann le gléasanna cinn ar nós an Oculus Rift, Google Glass agus Virtuix Omni do shiamsaíocht phearsanta sa bhaile.

Ní nach ionadh mar sin go bhfuil Microsoft ar an mhórchomhlacht is déanaí chun a gcuid teicneolaíochta úrnua a chur ar taispeáint don domhan.

Luaigh muid an HoloLens ag tús na bliana ach roinnt seachtainí ó shin chonacthas é ag feidhmniú don chéad uair riamh ag an chomhdháil Build 2015.

Léiríodh feidhmeanna ilghnéitheacha an HoloLens don slua a bhí i láthair mar a mhínigh beirt ó Microsoft an dóigh a n-oibríonn an gléas le gnáthfheidhmchláir de chuid Windows 8.

Cé go bhfuil an teicneolaíocht óg go fóillín, léiríonn an físeán seo go bhfuil fathaigh teic ar nós Microsoft ag obair go tréan chun Réaltacht Mhéadaithe (Augmented Reality) a thabhairt isteach i ngnáthlá an phobail chomh luath agus is féidir.

Creidtear, fiú, go dtiocfadh le scáileáin tadhaill a bheith marbh mar mhodh oibrithe taobh istigh de 10 mbliana… tá rudaí móra i ndán dúinn!

SCÉALTA EILE