Tá sé tugtha le fios ag eolaithe i SAM go bhfuil sraitheanna d’oighear uisce díreach cúpla slat faoi dhromcla Mharsa.
In eagrán na seachtaine seo den iris Science míníonn Colin Dundas ó Shuirbhéireacht Gheolaíochta na Stát Aontaithe go bhfuil uisce reoite le fáil faoin talamh níos gaire do mheánchiorcal an phláinéid ná mar a ceapadh roimhe, agus gur dócha gur foinse chuí uisce é le haghaidh turas taiscéalaíochta go Mars amach anseo.
“Is fuinneog nua í seo ar oighear grinnill ar Mhars,” arsa Dundas, a d’aimsigh na sraitheanna uisce tar éis dó anailís a dhéanamh ar íomhánna ó cheamara cumhachtach de chuid NASA, HiRISE.
(Tá cuntas Gaeilge ag HiRISE ar Twitter anseo.)
“Níl an t-uisce seo ach idir trí agus sé throigh faoin tallamh, agus tá sé ar an ocht láthair a ndearna muid staidéar orthu.”
Tá an t-uisce gorm fiú le feiceáil ar ailte i roinnt de na híomhánna.
Is eol dúinn le tamall go bhfuil uisce ar an phláinéad dearg ach ní raibh a fhios ag eolaithe go dtí seo go raibh an oiread stór uisce le fáil go héasca díreach faoin dromchla.
Sa bhliain 2002 tháinig an misean Odyssey de chuid NASA ar uisce reoite ag moil an phláinéid, agus anuraidh aimsíodh oighearchlúid faoin talamh ag an mheánchiorcal, ach go dtí gur foilsíodh an taighde is déanaí seo níor tuigeadh a fhorleithne is atá na stóir.
Tá an fhionnachtain seo ag cur leis an phlé faoi mhisean spáis, le foireann, go Mars sa tréimhse amach romhainn, b’fhéidir sna 2030í.
“Tuar dóchais é an toradh seo go bhfuil uisce ar fáil ag leibhéal éadomhain go leor a bheadh inúsáidte amach anseo ag daoine ar Mhars,” arsa Angel Abbud-Madrid ó Ionad na nAcmhainní Spáis in Colorado SAM.
Cad a shíleann sibh féin?
An bhfeicfidh muid daoine ag ól uisce ar Mhars lenár linn?