‘Street View’ na Scigirí


Tá na Scigirí (nó Oileáin Fharó) á gcur ar léarscáil Street View ar deireadh thiar thall a bhuíochas le caoirigh na n-oileán agus ceamaraí 360° a tugadh ar iasacht ó Google.

Ag tús an tsamhraidh, foilsíodh aighneacht ar an bhlag Visit Faroe Islands le hurlabhraí turasóireachta na n-oileán, Durita Dahl Andreassen (thíos), a d’iompaigh ar Google na Scigirí a léiriú ar Street View.

Suite san Atlantach Thuaidh, leath bealaigh idir an Iorua agus an Íoslainn, cuimsíonn na Scigirí 18 oileán ar fad.

Ó tharla tírdhreach na n-oileán a bheith garbh agus iargúlta go maith, níor ceanglaíodh na hoileáin le córas Street View Google go fóill.

Gné speisialta is ea é Street View ar Google Maps a tharraingíonn ar bhunachar grianghraf le radharc sráide a chur ar fáil don té ar líne, amhail is go bhfuiltear ar an láthair.

Bíonn sé in úsáid ag turasóirí agus ag daoine ar mian leo níos mó a fhoghlaim faoi thíortha agus faoi áiteanna áirithe a bhfuil spéis acu iontu.

Is féidir teacht ar mhórchathracha agus bailte beaga an domhain mhóir gan stró, ach táthar go fóill ag bailiú ábhar d’áiteanna iargúlta, mar atá i gcás na Scigirí.

sheep

San aighneacht, a foilsíodh i lár mhí Iúil, d’fhógair Durita go raibh sí chun ceamaraí grianchumhachtaithe a cheangal lena cúig chaora agus na caoirigh a chur amach ag taifeadadh trí shúile na gcaorach.

Cleas margaíochta iontach a bhí ann mar gur scaipeadh físeáin ‘Sheep View’ ar an idirlíon le linn an tsamhraidh agus spreagadh Google le gníomhú ar an cheist.

An tseachtain seo caite, leaindeáil foireann as Google Maps in Aerfort Vágar, an t-oileán is faide siar de chuid na nOileán Faró, le scata ceamaraí atá tugtha ar iasacht do mhuintir na háite.

In áit carranna, tá sé de rún ag Google agus ag díograiseoirí na n-oileán na ceamaraí a cheangal le caoirigh, le mála droma, le rothair agus le cibé rud eile ar féidir le tírdhreach álainn na Scigirí a chur ar an mhapa.

I ráiteas a d’fhógair Google Maps, dúirt siad go raibh siad buíoch de mhuintir Oileáin Fharó “a thaispeáin dóibh go dtiocfadh le caoirigh fiú cur le Street View”.

Na caoirigh abú!


Má tá tú ar chuairt ar na Scigirí bí cinnte ceamara a bhailiú ón Oifig Turasóireachta nó Atlantic Airways in Aerfort Vágar! Tuilleadh eolais anseo.

SCÉALTA EILE