Súil á coinneáil ar tweetanna scriosta

Agus an tOlltoghchán ag teannadh linn, beidh ar pholaiteoirí na tíre cúram sa bhreis a thógáil lena dtweetanna mar go bhfuil an ‘Deartháir Mór’ Politwoops ag coinneáil súil ghearr ar gach a bhfuil scríofa agus scriosta acu.


Is iomaí tweet a seoladh amach chuig an domhan mór a chothaigh trioblóid don té a chuir.

Tá tréan scéalta ann faoi dhaoine a chaill a bpoist nó a tharraing míchlú orthu féin mar gheall ar ghiolc beag bídeach.

Chuala muid ar fad caint faoin oibrí aineolach sin a chuir tweet gearánach amach ar Twitter ag tagairt do dhrochlá ar an obair, nó faoin duine drogallach nach raibh iomlán tógtha faoin phost a fuar siad agus gur tháinig deireadh tobann leis an phost céanna.

Thaitin an ceann seo liom!

fired

Anuraidh, seans gur sheas tweetanna leis an cholúnaí Sasanach Kate Hopkins amach leo féin i measc na gceann ba mheasa ar Twitter in 2015.

Chothaigh tweet amháin léi stoirm d’aisfhreagra inár thagraigh sí do dhaoine a bhí ag teitheadh ó chogaidh mar chaoróga dubha.

Ach bíodh cinnte gur mhaith lena leithéidí Kate go dtarraingeofar aird ar a cuid tuairimí láidre míchuibheasacha.

Is amhlaidh i gcás an iarrthóra uachtaránachta Donald Trump i SAM ar ndóigh, fear na dtweetanna craiceáilte a bhfuil Kate féin go mór i bhfách leis.

Is leor sin le rá.

Cé gur cosúil gur dúil leis an bheirt úd scannal a thógáil, bíonn an gnáthpholaiteoir cúramach faoina gcuid teachtaireachtaí poiblí ar Twitter.

Léiriú is ea é Politwoops ar an mhéid sin.

Is éard atá i gceist le Politwoops ná bunachar de tweetanna a scríobhadh, agus a scriosadh, ag polaiteoirí tofa mar aon le hiarrthóirí toghcháin ar fud na cruinne.

Is féidir anois dul ag tochailt i mbunachair timpeall an domhain le fáil amach cad é nár mhaith le polaiteoirí go léifeá.

Téann an chartlann tweetanna ó mhéara pholaiteoirí na hÉireann – ar togra é de chuid Storyful – siar os cionn dhá bhliain chomh fada le tweet a chuir an Teachta Dála le Fine Gael, Jerry Buttimer, amach.

First Tweet in Cartlann Jerry Buttimer TD

Tús leadránach agus is mar sin a leanann siad ar aghaidh.

Tá mé ag déanamh go bhfuil – nó go mbeidh – seoid i measc an leadráin ach tar éis spléachadh a chaitheamh ar os cionn 502 leathanach de tweetanna – agus an líon ag ardú i rith ama – níor tháinig mé ar a dhath a tharraingeodh droch-chlú ar an té a sheol.

Mílitriú nó drochphuncaíocht an bunús le go leor de na tweetanna scriosta, ar minic iad bainte ó Twitter taobh istigh den bhomaite céanna inár cuireadh in airde iad, mar atá thuas ag Buttimer.

20 soicind a thóg sé air a ghiolc a scriosadh agus tá sé sin, a bheag nó a mhór, ag teacht leis an mhórchuid acu.

Is spéisiúil go bhfuil giolcacha i nGaeilge leis na Teachtaí Dála Aodhán Ó Ríordáin agus Joe McHugh i measc na dtweetanna le háit a fháil sa chartlann poiblí.

Aodhan

Bhí nós aisteach go leor ag Aodán Ó Ríordáin tweetanna a bhaint óna chuntas go rialta, tar éis roinnt laethanta dóibh a bheith in airde.

Tá breis agus 18K giolc curtha ag an Aire Ó Ríordáin mar sin scaoilfidh muid leis cúpla ceann sa bhreis a ghlanadh.

Fear mór é Joe McHugh le haghaidh an ‘RT’ ach caithfidh nár mhian leis RT a thabhairt d’Údarás na Gaeltachta an uair seo!

Joe Mc Hugh

Thuiginn cén fáth ar bheartaigh Noel Harrington an RT seo a bhaint aníos. As comhthéacs, tá cuma aisteach go leor air.

Noel Harrington Broken Leg

Agus seans gur bheartaigh Kieran O’Donnell póga móra a sheoladh amach chuig a lucht leanúna nó b’fhéidir go bhfuil cúis ciallmhar lena ghiolcacha randamacha – ag tweetáil ina phóca, nó an bhfuair páiste óg greim ar a ghuthán?!

Kieran O'Donelll

Cá bhfios ach tá rud amháin cinnte, tá an ‘Deartháir Mór’ Politwoops ag cinntiú nach gcuirtear rud ar bith i bhfolach orainn… a pholaiteoirí, tá muid ag faire amach don tseoid!

SCÉALTA EILE