Tá an carr eitilte ar an tslí


Bheadh sé éasca smaoineamh gur físeán ficsean eolaíochta é seo thuas ach ní hé ná baol air.

Tá an chéad aerárthach leictreach pearsanta deartha ag an chomhlacht Kitty Hawk (tagairt dheas don áit i gCarolina Thuaidh a ndearna na deartháireacha Wright an chéad eitilt faoi chumhacht innill in 1903) agus tá scannán díreach eisithe acu den tsamhail oibre.

Is iontach an radharc é.

Cineál cosúil le héileacaptar measctha le gluaisrothar, oibríonn an chéad samhail seo thar uisce agus dar leis an chomhlacht go bhfuil sé iontach furasta é a eitilt, gan fiú ceadúnas de dhíth ort ag an phointe seo cé gur dócha go n-athróidh sé sin le himeacht ama.

Taifeadadh an físeán ag Loch Clear i gCalifornia agus taispeánann sé cúpla duine ag éirí in airde agus ag tuirlingt go hingearach, mar aon le bheith ag gluaiseacht tríd an aer ag 25 míle san uair.

Beidh an Kitty Hawk Flyer ar díol don phobal i SAM faoi dheireadh na bliana agus, le comhlachtaí ar nós Airbus anseo san Eoraip ag forbairt aerárthaí pearsanta chomh maith, is cinnte go gcluinfear níos mó faoin earnáil thodhchaíoch seo sa tréimhse amach romhainn.

Tuilleadh eolais ar kittyhawk.aero

SCÉALTA EILE