Tharla sé dúinn ar fad.
Bhí téacs le cur agat, bhí ort glaoch a dhéanamh nó rud éigin a sheiceáil ar líne, ach ní raibh aon chumhacht fágtha ar d’fhón.
Bhí do luchtóir leat fiú ach ní raibh soicéad i ngar duit.
Bhuel anois ní gá bheith imníoch faoina leithéid arís mar go bhfuil luchtóir ar fáil nach bhfuil de dhíth air ach do lámh féin chun feidhmiú.
Is coincheap de chuid an déagóra Michael Vaga é ‘HandEnergy’, luchtóir beag cruinn a úsáideann fuinneamh gluaiseachta chun cumhacht leictreach a ghiniúint, agus do ghléasanna a luchtú dá réir.
Cé go bhfuil an tionscnamh lonnaithe i mBaile Átha Cliath, is as an Bhealarúis é Vaga agus go dtí seo d’éirigh leis breis agus $127,000 a mhealladh don smaoineamh ar Indiegogo, i bhfad níos mó ná an €50,000 a bhí mar sprioc aige.
Níl le déanamh agat ach HandEnergy a rothlú i do lámh agus cruthaítear fuinneamh le gach gluaiseacht.
“Tá rótar taobh istigh den luchtóir agus géaraíonn ar luas an rótair le gach casadh, rud a ghineann tuilleadh fuinnimh,” arsa Vaga.
“Aistrítear an fuinneamh meicniúil seo go fuinneamh leictreach, a chiallaíonn gur féidir leat do ghléas a luchtú.”
Glacann sé idir 40 agus 60 nóiméad chun luchtú iomlán a dhéanamh agus, a bhuí le haip speisialta, táthar in ann HandEnergy a úsáid mar rialaitheoir cluichí chomh maith.
Níl ach $79 ar an luchtóir faoi láthair agus meastar go mbeidh siad réidh le seachadadh i mí na Nollag.
Breis eolais faoin aireagán éiceabhách seo ar hand.energy