Tá Google Maps ag faire ort
Taifeadfar gach gluaiseacht a dhéanfas tú

Tá feidhm cruthaithe ag Google Maps a dhéanfaidh taifead ar gach gluaiseacht a dhéanann tú.

Sna seachtainí romhainn tabharfaidh tú faoi deara an rannóg nua ‘Your Timeline’ sna roghanna i Google Maps.

Is aip nua é seo atá á tabhairt isteach ag Google de réir a chéile agus a ligfidh duit amharc siar ar na gluaiseachtaí atá déanta agat timpeall do chathrach nó do thíre.

Cé go raibh an cumas seo ag Google Maps le tamaillín, is í seo an chéad uair a bhfuil sé á chur i láthair go soiléir i roghanna na léarscáileanna, agus seans go gcuirfidh sé as do go leor daoine.

googlemapsgif

Is féidir an fheidhm a mhúchadh má mhothaíonn tú míchompordach faoi, áfach: Ní gá ach dul go ‘My Account’, ‘Account History’, agus ansin ‘Places You Go’ a mhúchadh.

Níl a fhios againn go díreach cén fáth a mbeifeá ag iarraidh amharc siar ar do chuid gluaiseachtaí laethúla… ach is dócha go mbeidh sé cabhrach má bhíonn an iomarca piontaí agat agus tú fiosrach an lá dár gcionn!