Tá mé chun ‘Uberáil’ nó ‘Uber a fháil’?

Seaghan Mac an tSionnaigh ina chónaí i SAM faoi láthair, áit a mbíonn sé ag úsáid Uber go minic. Seo a thaithí leis an chomhlacht carr-roinnte, mar aon le ceist thábhachtach don Choiste Téarmaíochta…


Tá Uber tar éis cur go mór le mo shaol ó thosnaíos ar dtúis á úsáid.

Comhlacht carr-roinnte atá ann a bhíonn ag brath ar aip a fheidhmíonn trí theacht a bheith aige ar shuíomh GPS a chuid paisinéirí.

Is iondúil nach mbeifeá ag feitheamh mórán os cionn 10 nóiméad ar ghluaisteán, agus is minic nach mbíonn ann ach trí noíméad pé scéal é.

Bíonn Uber níos saoire ná gnáth-thacsaí chomh maith toisc nach mbíonn costais riartha i gceist fé mar a bhíonn i gcás tacsaithe traidisiúnta.

Cáineadh a dhéantar go minic ar an tseirbhís ná gur deacair muinín a chur i dtiománaithe Uber de bharr cead a bheith ag aon duine in aon chor a bheith ina thiománaí leo, ach leis an bhfírinne a rá, bíonn monatóireacht ghéar á déanamh ag Uber ar a gcuid tiománaithe, agus is mór mar a chuirtear le cúrsaí slándála go mbíonn cuntas beo á choimeád de shuíomh GPS an gluaisteáin i rith an turais.

Nuair a chuirfeá an méid sin san áireamh, ar m’anam gur sábháilte é ná gnáth-thacsaí.

Uair eile, agus mé amuigh ar an mbaile i dteannta mo chuid comhscoláirí Fulbright anseo i SAM – Ciara Ní É, Jamie McGarrigle agus Pól Ó Sniadhaigh – dhearúdas mo ghuthán istigh in Uber mar a bheadh stumpa amadáin.

Tá seirbhís ar leith ag Uber d’earraí caillte áfach, é an-fhuirist le hoibriú tríd an aip féin, agus ní raibh an guthán i bhfad á thabhairt thar n-ais chugham – díreach chomh fada leis an mbord ar a rabhamar fós ag ithe ó d’imigh an tiománaí uainn.

Tá an aip le fáil in Éirinn ach is ag tacsaithe oifigiúla amháin atá cead clárú le Uber, agus mar sin, is minic nach saoire é ná gnáth-thacsaí ach daoire.

N’fheadar an cleas rúnda stocaireachta ó Chomharchumann na dTacsaithe atá laistiar don mbac seo i gcoinne Uber faoi mar a tharlaíonn d’iarrachtaí ar sheirbhísí iompar poiblí a chur ar fáil déanach istoíche i gcathracha na hÉireann?

Bíonn deis agam mo chuid Spáinnise a chleachtadh nuair a bhainim leas as Uber i mbaile mór Chicago mar a gcuirtear Uber Español ar fáil anuas ar Uber X, Uber Select, Uber Pool, agus Uber do lucht an mhíchumais.

De thimpiste a chuireas Uber Español ar dtúis in áirithint, ach gan dabht, ní raibh orm a rá leis an dtiománaí ach “ola” agus “gracias”.

Tá tiománaithe eile ann áfach agus bíonn siad ag iarraidh comhrá a bhrú siar an scornaigh ort.

Is mó “maidin dar gcionn” a bhíos-sa thíos lena leithéid, ach bhí se le léamh le déanaí ar líne agam gur gearán a chuirtear go minic i leith paisinéirí ná go bhfanaid ina dtost i rith an turais!

D’fhonn comhluadar a bheith acu a thugann tiománaithe áirithe fé Uber a dhéanamh más ea, cuid eile acu is ag praeitseáil a bhíonn siad, ag iarraidh tú a iompú i do Mhoslamach nó i do Scientologist.

Chuir Uber olc ar mhórán daoine tuairim is bliain ó shin nuair a thoiligh roinnt dá gcuid tiománaithe paisinéirí dochracha a bhailiú ó aerphort JFK bun os cionn leis an stailc a reachtáladh ina choinne.

Ba é cúis na stailce ná forógra Trump (nó Uachtarán 44 na Stát Aontaithe) gan saoránaigh ó sheacht gcinn de thíortha Moslamacha a scaoileadh thar theorainn isteach.

Is i gcoinne Uber féin a reachtáladh stailc ina dhiaidh sin leis an toradh gur aistrigh scata úsáideoirí Uber go dtí an freaschomhlacht Lyft ina dhiaidh sin.

Agus dar lenar thuigeas ó thiománaí a chláraigh leis an dá chomhlacht, is fearr do choinníollacha oibre a sholáthraíonn Lyft.

Le Lyft is féidir le tiománaithe Meiriceánacha ag bailiú paisinéirí in aon cheann de Stáit Mheiriceá murab ionann agus Uber a chuireann srian orthu fanacht laistigh d’aon chontae amháin.

Is fearr é an t-airgead a íocann Lyft lena gcuid tiománaithe chomh maith.

Dá ainneoin sin ar fad áfach, tá Uber fós i bhfad chun cinn ar Lyft i gcath na carr-roinnte.

Tá ceist níos práinní le fuascailt ag an gCoiste Téarmaíochta idir an dá linn – cén ceann den dá leagan homafónacha Gaeilge is fearr, “Uberáil”, nó “Uber a fháil”?

SCÉALTA EILE