Ag tús na míosa eisíodh grianghraf a ghlac spásteileascóp Hubble den réaltra Andromeda, agus tá sé dochreidte.
1.5 billiún picteilín san iomlán, thógfadh sé 4.3 GB de spás ar do ríomhaire, nó 600 scáileán teilifíse HD chun breathnú air ar fad.
Tá níos mó ná 100 milliún réalta, nó grian, le feiceáil sa chuid seo den réaltra agus síneann sé thar 40,000 solasbhliain, is é sin 400,000 trilliún km.
Mind-blowing, d’fhéadfá a rá.
Is é Andromeda an réaltra bíseach (spiral galaxy) is giorra dár réaltra féin, Bealach na Bó Finne, agus meastar go bhfuil thart ar thrilliún réalta ann san iomlán, is é, trilliún.
Chun do bhealach a dhéanamh timpeall na híomhá, tá an físeán galánta seo cruthaithe ag úsáideoir ar Youtube:
Agus muna bhfuil do shá iontais ort cheana, cuimhnigh go bhfuil breis agus 100 billiún réaltra ar nós Andromeda sa chruinne ar fad.
Anois nach gcuireann sé sin gach rud i gcomhthéacs?