Tatúnna Teic
Ar leas do shláinte?

Tá fréamhshamhail curtha le chéile ag comhlacht deartha bogearraí in Texas, SAM, dá tháirge is úrnua ‘Tech Tats’.

Teicneolaíocht inchaite (wearable) atá sna tatúnna teicneolaíochta seo, a bhfuil de chumas acu eolas a bhailiú faoi do shláinte, súil a choinneáil ar cé chomh haclaí is atá tú agus fiú feidhmiú mar a bheadh sparán ann.

Déanta de rialtáin bheaga bhídeacha agus péint sheoltach (conductive), piocann na tatúnna seiftiúla suas ar ráta croí, ar theocht choirp agus ar eolas eile atá ag teastáil le sláinte an duine a mheas.

In áit cuairt a thabhairt ar an dochtúir, meastar go mbeidh othair na todhchaí in ann an tatú nuálach seo a chaitheamh go sealadach agus an t-eolas a chur ar aghaidh go leictreonach go hionad sláinte, gan bacadh le coinne ar chor ar bith.

Maíonn an comhlacht atá taobh thiar de na tatúnna, Chaotic Moon, go bhfuil deiseanna eile bainistiú airgeadais iontu chomh maith, a chiallaíonn nach mbeidh gá le hairgead tirim nó fiú le cárta bainc.

Chaotic moon

An ghné is iontaí ar fad ná go bhfeidhmíonn craiceann an úsáideora mar a bheadh comhéadan, nó interface, ann.

Leis sin, tá féidearthachtaí dochreidte fairsinge ag an táirge, agus iad ar chostas íseal.

Is buntáiste eile é chomh maith go bhfuil cuma chúláilte orthu!