Tá teanga ríomhchlárúcháin atá bunaithe ar an nGaeilge cruthaithe ag fear as Co Shligigh. De réir tuairisce a foilsíodh ar an suíomh We Are Irish ar maidin, spreagadh Eoin Davey an teanga nua, ‘Setanta’, a scríobh nuair a thug sé faoi deara agus é ag staidéar thar lear gur i mBéarla a bhí na mic léinn eile ag scríobh a gcuid códála, beag beann ar a dteanga dhúchais.
“Ba Bhrasaíleach duine de mo chomhbhádóirí, agus i gcaitheamh na bliana chonaic mé gur scríobhadh go leor dá chód sa Phortaingéilis, ach thug mé suntas do rud ar leith. Bhí an cód féin i mBéarla, níor scríobhadh ach na hainmneacha agus na tráchtanna sa Phortaingéilis.
“Chuimhnigh mé air seo – nach féidir ríomhchlárú i dteanga seachas an Béarla. Bhí focail agus téarmaí Béarla mar dhlúthchuid de na mórtheangacha ríomhchlárúcháin go léir. Ba as sin a tháinig an smaoineamh teanga Ghaelach ríomhchlárúcháin a chruthú, agus shíl mé gur deis iontach a bheadh ann feabhas a chur ar mo chuid Gaeilge féin agus páirt a ghlacadh i nua-aoisiú na Gaeilge,” a dúirt sé san agallamh.
Chinn Eoin a theanga nua a thógáil go hiomlán as an nua, i leaba craiceann na Gaeilge a bhualadh anuas ar theanga a bhí ar fáil i mBéarla cheana féin. Dúirt sé nárbh fhiú aon mhodh eile oibre a ghlacadh chuige féin toisc “nach réiteodh sé an bhunfhadhb”.
“Bheadh an cód, faoin aistriúchán, fós bunaithe ar an mBéarla. Bheadh sé mar a bheadh dá scríobhfaí abairt i mBéarla é agus a chur trí inneall aistriúcháin, in ionad an abairt a scríobh i nGaeilge ó thús,” a mhínigh sé.
Is casta an rud é teanga ríomhchlárúcháin a scríobh ach thapaigh Eoin an deis Setanta a úsáid mar thogra a chéime agus chrom sé ar an obair sa bhliain dheireanach den ollscoil. Dúirt sé gur “saothar grá” a bhí ann sa deireadh agus chuir sé go leor leor ama agus oibre isteach sa rud.
Dúirt sé go bhfuil sé sásta leis an gcuma atá ar Setanta anois, agus gur féidir é a úsáid le cluichí agus beochan a dhéanamh ach gur mhaith leis an teanga a fhorbairt a thuilleadh amach anseo. Tá sé mar sprioc aige go mbeadh a theanga ríomhchlárúcháin á úsáid i nGaelscoileanna agus i nGaelcholáistí.
Is féidir an t-agallamh iomlán (Béarla) a léamh leis anseo.