Tabharfaidh cluichirí faoi deara go bhfuil roinnt cosúlachtaí idir an Ghaeilge agus na teangacha nuachruthaithe Wenja agus Izila atá le cloisteáil in Far Cry Primal. Tá cúis leis! Fiosraíonn Colmán Mac Séalaigh an scéal…
Ní raibh faitíos ar Ubisoft riamh dul sa seans lena gcuid cluichí agus tá seo le feiceáil tríd is tríd san eisiúint is déanaí uathu, Far Cry Primal.
Tá an cluiche bunaithe sa bhliain 10,000 RCh agus tú ag glacadh ról an laoich, Takkar.
Is sealgaire é ón dtreibh Wenju a bhí i gcumhacht uair den tsaol ach atá anois scaipthe mórthimpeall fhearann Oros i ndeisceart na hEorpa.
Tá treoir shimplí ann: tar slán, aontaigh an treibh agus tóg baile a bheidh inmharthana.
Is anseo atá Ubisoft ag dul sa seans.
Cé go bhfuil an stíl imeartha sa chluiche feicthe againn go minic, níl a leithéid de scéalaíocht mar seo.
In áit gunnaí agus gránáidí, tá sleá agus bogha.
In áit spéaclaí oíche, tá maide lasta.
In áit stopadh ag an siopa, tá tú ag fiach mamat lomrach le béile a fháil.
Tá gach iarracht déanta ag Ubisoft an cluiche a bhunú sa tréimhse seo, fiú an teanga.
D’iarr Ubisoft ar na teangeolaithe Andrew agus Brenna Byrd teanga iomlán nua a chruthú don chluiche agus bhí an deis agam cúpla ceist a chur orthu faoi.
Bhí mé fiosrach ar dtús faoin bpróiseas a bhain le cruthú na teanga agus cad a chuaigh i gcion ar an dteanga a chloisimid sa chluiche.
Mhíníodar go bhfuil dhá phríomhtheanga sa chluiche a cruthaíodh bunaithe ar na cosúlachtaí idir seanteangacha Ind-Eorpacha, nó prótaitheangacha Ind-Eorpacha (PIE), a bhaineann le go leor teangacha a labhraítear inniu, an Béarla, an Fhraincis, Hindi agus an Ghaeilge san áireamh.
“Is ionann struchtúr gramadaí Izila agus struchtúr PIE, chomh fada agus a thuigtear é,” a dúirt Brenna Byrd.
“Cruthaíodh Wenja bunaithe ar leagan níos sinsearaí fós de PIE. Leis sin a dhéanamh, roghnaíomar gnéithe ársa de PIE agus chuamar níos faide siar chun struchtúr a chumadh,” ar sí.
‘Cad a rinne PIE?’ a bhí mar bhuncheist acu agus iad ag cruthú na dteangacha.
“Má bhí focal in-athchumtha do PIE, d’úsáidfimis an leagan sin go díreach nó dhéanfaimis maolú air má bhí sé ródheacair le rá nó mí-oiriúnach d’imirt an chluiche,” ar sise.
“Muna raibh focal in-athchumtha do PIE, bhí sé de nós againn comhfhocail a chumadh chun an coincheap sin a chur in iúl. Mar shampla, an focal ar “lóchrann” sa Wenja ná pur-shazda, maide tine.”
Bhí obair mhór i gceist leis an bpróiseas seo, ach an gcuireann sé leis an gcluiche?
Labhair Ubisoft le roinnt daoine a d’imir Far Cry Primal agus is cosúil gur chuir na teangacha go mór le tumadh na gcluichirí i nDomhan Oros.
Ní amháin go bhfuil cuma fhear pluaise ar do dhreach agus ar d’iompar, ach tá an glór ceart agat freisin!
Caithfidh mé a rá go n-aontaím leo mar nuair a thagann na gnéithe eile sa chluiche ar nós dearaidh, graificí, domhantógála is araile le chéile, mothaíonn tú go bhfuil tú théis turas a dhéanamh i meaisín ama.
Creid nó ná creid é ach tá cleachtadh maith ag Andrew ar theanga na tíre seo. Bhí an chéad pháipéar acadúil aige dírithe ar an tSean-Ghaeilge agus foilsíodh é in Ériu.
Is cuimhin leis a bheith ag léamh An Táin faoi mar is cuimhin leis an lá inné, ach an bhfuil anáil na Gaeilge le fáil ar an gcluiche ar chor ar bith, nó an amhlaidh nach bhfuil aon chosúlacht idir teanga an chluiche agus an Ghaeilge?
Ós rud é gur teanga Ind-Eorpach an Ghaeilge, tá roinnt cosúlachtaí le tabhairt faoi deara.
Cuir i gcás an focal ar ‘máthair’: mashtar atá sa Wenja agus máxter san Izila.
Feicfidh cluichirí roinnt cosúlachtaí den chineál sin.
“Cé go bhfuil gramadach Wenja agus Izila casta, is féidir linn a rá leat go dearfa nach bhfuil siad chomh casta leis an nGaeilge,” arsa Andrew.
“Tá athfhriotal cáiliúil i measc lucht foghlamtha gramadach na dteangacha Ind-Eorpacha: ‘tá foghlaim na (sean)Ghaeilge ar nós baint an fhéir’, a thugann le fios go bhfuil an ghramadach chomh casta sin go gcaithfidh duine í a athfhoghlaim uair sa tseachtain!” a dúirt sé le gáire.
Cé go bhfuil roinnt fadhbanna teicniúla agus imeartha ag Far Cry Primal, déanann tú dearmad orthu de bharr an scéal a bheith tarraingteach, suimiúil.
Bhain mé an-sult as a bheith á imirt agus tá éacht déanta ag gach duine a bhí páirteach sa domhan mistéireach, contúirteach seo a chur os ár gcomhair.
Mar fhocal scoir, fuaireas roinnt nathanna cainte Wenja ó Andrew agus Brenna ar féidir libhse iad a thriall!
Gaeilge – Wenja – Foghraíocht
Dia duit – Smarkaka – smarr-kah-kah
Conas atá tú? – Ku-ta su? – koo tah soo?
Tá mé go maith – Mu su – moo soo
Go raibh maith agat – Gwarshta – gwarr-shtah
Imir Far Cry anois! – U-nu far kray lija! – oo-noo far cry lee-jah!
Tá Far Cry Primal ar fáil anois don Playstation 4, Xbox One agus Microsoft Windows.