Tá an t-idirlíon chomh lán sin de smaointe cúl as an ghnáth go mbeadh sé deacair scríobh faoi gach ceann úrnua a thagann faoi do radar, ach thaitin an gléas seo an oiread linn go raibh orainn tagairt a dhéanamh dó.
Is dearthóir Sasanach é Ben Redford atá lonnaithe i Nua-Eabhrac faoi láthair agus a bhfuil súil mhaith shamhlaíoch aige.
Cosúil le go leor eile, úsáideann sé an sás Instagram chun grianghrafanna a ghlacadh ar a ghuthán agus chun iad a athrú de réir a mhéine.
Tá dúil aige in aeistéitic na seanré fosta áfach agus nuair a bhí sé ag útamáil thart le sean-teilgeoir sleamhnán 35mm le déanaí, rith sé leis go mba dheas an dá theicneolaíocht a nascadh le chéile.
An toradh ar an smaoineamh sin ná Projecteo, mion-teilgeoir 35mm inar féidir roth sleamhnán ar a bhfuil grianghrafanna roghnaithe ó Instagram a thaispeáint air.
Piocann tusa naoi ngrianghraf ar líne ó do chuntas Instagram le cur ar an roth, íocann tú an táille agus seoltar an roth agus teilgeoir amach chugat ionas go mbeidh tú in ann na híomhánna – a bhí le fáil ar do ghuthán amháin go dtí sin – a theilgean ar gach dromchla is mian leat.
Gléas beag gleoite é dar linn a bheas á eisiúint níos moille i mbliana agus dá mba mhaith leat do lámha a chur ar cheann acu, is féidir na forbairtí ar fad a leanúint ar www.getprojecteo.com
Ach ní hí seo an chéad uair ar tháinig cruthúcháin Ben faoi radar NÓS.
Thug muid faoi deara anuraidh gur chruthaigh sé cúpla bosca beag bán darb ainm Olly agus Polly.
Ní gnáthbhoscaí beaga bána ar ndóigh, ach boscaí beaga bána a cheanglaíonn le do ríomhaire agus a thugann bronntanas duit san fhíorshaol mar gheall ar spriocanna a bhaineann tú amach sa saol fíorúil.
Abair gur éirigh le ceann de do chuid tweetanna bheith atweetáilte líon áirithe uaireanta, bhuel bíonn a fhios ag Polly agus tugann sí mílseán mar thoradh ar do chuid oibre!
Oibríonn Olly ar bhealach atá cosúil go leor lena dheirfiúr ach in ionad mílseán a thabhairt duit nuair a bhaineann tú sprioc amach ar do rogha ardán meán sóisialta, spraeáltar boladh deas ar fud an tseomra.
Ar an drochuair prótaichineálacha a bhí sa dá chruthúchán nár éirigh leo go leor infheistíochta a mhealladh lena dtáirgeadh ach tá treochacha ar shuíomh Olly faoi conas an gléas a chur le chéile tú féin.
Mar sin má tá aon aireagóir nó déantóir giuirléidí amuigh ansin i measc léitheoirí NÓS, gabh anonn anois chuig ollyfactory.com chun cumhrán deas a scaipeadh ar fud do spás oibre, agus abair linn cad é mar a éiríonn leat!