The Simpsons mar nach bhfaca tú riamh iad


Tá clú agus cáil dhomhanda ar The Simpsons as go leor rudaí – na carachtair, na manaí atá acu, agus ar ndóigh, as an éacht atá bainte amach acu mar cheann de na sraitheanna teilifíse is faide craolta riamh.

Sin 569 clár agus tuilleadh le teacht!

Is measc na bpíosaí is aitheanta sa chlár áfach, tá an intreoir.

Idir Homer ag fágáil na hoibre go dtí na línte éagsúla a bhíonn á scríobh ag Bart ar an chlár dubh, ar aghaidh chuig an ghiota deiridh agus an chlann ar fad ar an tolg, ní bheadh an clár mar an gcéanna gan na píosaí beaga difriúla eatarthu ar fad.

Agus anois tá intreoir nua cumtha ag beirt ealaíontóirí, seicheamh nach bhfuil a leithéid feicthe againn riamh.

Is i seanstíl chluiche ríomhaire atá na radhairc aitheanta cruthaithe ag Paul Robertson agus Ivan Dixon san fhíseán úrnua seo.

Dár léitheoirí atá aosta go leor le cuimhneamh ar an ZX Spectrum agus Amiga 1200, is cinnte go gcuirfidh an leagan picteilínithe go leor de na cluichí ríomhaire ón ré sin i gcuimhne daoibh!

SCÉALTA EILE