Tinder, an aip is mó i siopa Apple

Tá an t-ardán cleamhnais Tinder anois ar an aip is brabúsaí i siopa Apple tar éis gur cuireadh gné bhreise leis a ligeann d’úsáideoirí breathnú ar dhaoine atá cheana féin i ndiaidh suim a léiriú iontu.

Go dtí seo bhí ar bheirt ‘svaidhpeáil ar dheis’ chun fáil amach an raibh dúil acu ina chéile ach anois cuireann Tinder Gold ar chumas daoine an ghné ‘Likes You’ a úsáid inar féidir le húsáideoirí an t-eolas seo bheith acu roimh ré.

Ar ndóigh is gá íoc roinnt euro – ar bharr an chostais atá ar Tinder Plus – as an tseirbhís sa bhreis seo, a ligeann duit chomh maith líon níos mó ‘Super Likes’ a úsáid, svaidhpeáil a chur ar ceal agus ceangal le daoine áit ar bith ar domhan.

Chláraigh an oiread daoine leis an ghné nua órga seo go bhfuil Tinder anois ag barr an liosta i siopa aipeanna Apple, chun cinn ar Netflix agus ar Candy Crush.

Creidtear go bhfuil ar a laghad cúpla céad míle duine in Éirinn a úsáideann Tinder ar bhonn rialta agus dar leis an aip féin go ndéantar svaidhpeáil ar 1.6 billiún próifíl in aghaidh an lae ar fud na cruinne, agus go ndéantar 26 milliún ‘cleamhnas’.

SCÉALTA EILE