Tá ‘togha’, ‘Gaelainn’ agus ‘bomaite’ i measc na bhfocal is “canúnaí” atá in úsáid ag cainteoirí Gaeilge ar Twitter, de réir eolas atá curtha ar fáil ag an Ollamh Kevin Scannell ó Ollscoil Missouri in St Louis.
I gCúige Chonnacht, tá leaganacha a shamhlaítear go minic le Conamara — ‘meastú’, ‘eicínt’ agus ‘castáil’ — coitianta i measc úsáideoirí Twitter as an gcúige sin, chomh maith le logainmneacha ar nós Indreabhán, Cois Fharraige, Maigh Cuilinn agus Oileán Árann.
Tá muintir na Mumhan an-tógtha leis an ‘Ríocht’ féin, chomh maith le ‘Daingean (Uí Chúis)’, ‘Corcaigh’, ‘Ciarraí’ agus ‘Dún Chaoin’. Tá na leaganacha cáiliúla Muimhneacha ‘fén’, ‘dos’, ‘chonac’ agus ar ndóigh ‘Gaelainn’ féin, le feiceáil ar an liosta freisin. Ná ‘dearúd’ ‘Cór Chúil Aodha’ ach an oiread.
Ó thuaidh, níorbh iad na logainmneacha amháin atá ar bharr a dteanga ag cainteoirí Uladh ach a scríbhneoirí móra freisin, agus ‘Grianna’ ar liosta an chúige sin — ní léir, áfach, cé acu Mac nó Ó atá i gceist! Ta Doire, an Dún, Machaire (Rabhartaigh?), agus Gleann (Cholm Cille) ar an liosta freisin, chomh maith le leithéidí ‘bomaite’, ‘giota’, ‘toiseacht’, ‘tig’, agus ‘madadh’.
Ag labhairt dó le NÓS, mhínigh Kevin cén chaoi ar cuireadh na liostaí focal a d’fhoilsigh sé ar leathanach Twitter níos luaithe an mhí seo le chéile.
“Rinne mé sampla d’úsáideoirí, thart ar 50 cuntas ó gach cúige, agus thóg mé sampla randamach de 500 tweet ó gach duine chun ‘corpas’ beag a chruthú do na canúintí, rud a d’fhág thart ar 160,000 focal i ngach corpas.
“Ansin, is éard atá i gceist ná comparáid idir minicíochtaí. Mar shampla, tá an focal ‘Daingean’ i gcorpas na Mumhan 42 uair, ach níl sé i gcorpas Chonnacht ach ceithre huaire, agus níl sé i gcorpas Uladh ar chor ar bith. Mar sin, is comhartha sách láidir é gur as Cúige Mumhan an té a scríobh é. Is féidir uimhir a chur le láidreacht an chomhartha seo, an ‘information gain’. Is coincheap measartha simplí é: má fheiceann tú an ‘focal amháin’ a scríobh duine éigin, cé mhéad eolais a thugann an focal sin duit ó thaobh áit dhúchais an duine? Sin an bealach a rinne mé an rangú,” a dúirt Kevin.
Tá cáil nach beag ar Kevin Scannell as an obair mhór a dhéanann sé ar son na Gaeilge ar líne agus as na staitisticí agus eolas a bhailíonn sé faoi úsáid na Gaeilge ar na meáin shóisialta.
Seo thíos na focail is coitianta sna trí chúige Gaeltachta:
Ulaidh | Mumha | Connachta |
chan | Daingean | ‘ad |
bomaite | ansan | dhom |
Lorgain | fén | (Maigh) Cuilinn |
giota | (thar) n-ais | (Inis) Oírr |
tig | comhghairdeas | comhghardeas |
bulaí | Ciarraí | feicfidh |
Doire | las | measta |
(den) scoith | (Cill) Chainnigh | Rocky |
Gaoth (Dobhair) | (Dún) Chaoin | acú |
fa | dos | leantach |
fríd | muigh | iarradh |
Gleann (Cholm Cille) | Ríocht | chuile |
daofa | Cór | Cois Fharraige |
fá | (Daingean Uí) Chúis | am |
leanstan | dearúd | a’t |
Machaire | Dingle | laga |
úr | spreagadh | breathnaíonn |
Aontroim | inniubh | dhóib |
mamaí | Cúil (Aodha) | ám |
(Cá) huair | Corca (Dhuibhne) | dhomsa |
Machaire (Rabhartaigh) | Corcaigh | castáil |
(i) dtólamh | chugainn | grásta |
toiseacht | beimid | comrádaí |
coimheád | bhaineas | géar |
inse | nú | muide |
dúil | dealramh | eicínt |
Ulaidh | shéan | soir |
(ar) ndóighe | amáireach | gasúir |
Grianna | comhgháirdeachas | an-jab |
Ultach | taréis | an-obair |
lúcháir | baolach | cheapfainn |
(Co. an) Dúin | rince | Oileáin (Árann) |
madadh | cheapas | bhféidir |
chonac | togha | |
slí | Boston | |
oiriúnach | Indreabhán | |
Gaelainn | uaigneach | |
fuaireas |