Touran nua seolta ag VW

Agus mé ag éirí rúinne beag níos sine agus beirt chlainne orm anois, tugaim faoi deara go bhfuil níos mó spéise agam ná riamh i ngluaisteáin chlainne.

Is cuimhin liom go mbíodh an dearg-ghráin agam ar leithéidí MPV-anna agus Estate-anna, ach anois, agus carranna den chineál sin ag teastáil uaim, is breá liom iad.

Is é an bac is mó a bhaineann leis na cineálacha seo carranna ná go bhfuil sé deacair teacht ar MPVnna a bhfuil stíl dheas ag baint leo.

Go pearsanta, déarfainn gurb iad an Mazda5 agus an Ford Galaxy na MPVnna is deise atá ar fáil faoi láthair.

Tá an BMW 2 Series Grand Tourer deas fosta, ach, faraor géar, ní dóigh liom go mbeidh mo dhóthain airgid agam riamh a leithéid a cheannach!

Tá Volkswagen díreach tar éis an leagan is déanaí den MPV s’acu, an Touran, a sheoladh agus cé nach bhfuil sé chomh faiseanta céanna leis an Mazda5 nó an Galaxy, tá sí an-deas agus an-éasca í a thiomáint.

taobh-touran

Dár ndóigh, bíonn roinnt rabhlála coirp (body roll) le mothú ar chóirnéil, ach, seachas sin, tá an carr féin mín réidh ar an mbóthar.

Beidh trí leagan éagsúla den Touran le fáil ar mhargadh na hÉireann – an 1.2 TSI peitreal, an 1.6 TDI díosal agus an 2.0 TDI díosal.

Dar le Volkswagen nach bhfuil aon bhaol caimiléireachta ag baint leis na carranna seo ach an oiread.

Tá an taobh istigh den charr seo breá compordach agus tá an spás chun tosaigh foirfe do dhaoine fásta.

Tá trí shuíochán aonaracha sa dara sraith agus is féidir iad a bhogadh siar is aniar le níos mó spáis coise a chruthú más gá.

Tá dhá shuíochán eile sa tríú sraith den charr agus, má tá tuilleadh spáis de dhíth sa bhúit, is féidir na suíocháin sin a chur síos agus a chur i bhfolach.

taobh-istigh

Níl rogha cúig shuíochán ar fáil sa tír seo agus, leis an fhírinne a rá, feictear dom nach bhfuil aon ghá leis.

Nuair a chuirtear na suíocháin i bhfolach bíonn an-chuid spáis ar fáil ar chúl cibé ar bith.

Is féidir na suíocháin sa dara sraith a luí síos go hiomlán agus, nuair a dhéantar sin, bíonn spás de 1,857 lítear ar fáil – tá sé sin ar nós veain!

Is rogha an-mhaith í seo do thuismitheoirí agus, uaidh seo go deireadh na bliana, tá Volkswagen ag tairiscint luach os cionn €2,000 de rudaí breise ar €161.

Dochreidte!

I measc na rudaí breise sin, gheobhaidh tú díon gréine lánléargais (panoramic sun-roof).

dion

Ag seoladh an Touran, thiomáin mé an 1.6 TDI le tras-seoladh uathoibríoch DSG (DSG Automatic Transmission).

Ní mholfainn an leagan seo den charr agus feictear dom go bhfuil an leagan tras-seoladh láimhe, nó an ghnáth-thiomáint, níos fearr leis an inneall céanna.

Is dócha go mbeidh an leagan seo den Touran mar phríomhrogha ag formhór na gcustaiméirí.

Thiomáin mé an 2.0 TDI chomh maith agus, de bharr an 150bhp, is í an ceann is deise.

Tosaíonn praghasanna an Touran nua ag €29,725 agus má tá fonn ort tuilleadh airgid a chaitheamh air tá neart roghanna eile ann.

Is é €40,525 an costas ar an leagan is costasaí den Touran.

SCÉALTA EILE