Seoladh os cionn trí oiread an ghnáthlín giolcacha i nGaeilge ar Lá na Meán Sóisialta, i rith Sheachtain na Gaeilge. De réir eolais atá curtha ar fáil ag an Ollamh Kevin Scannell ó Ollscoil Missouri in St Louis, seoladh 2,763 giolc i nGaeilge faoin haischlib #SnaG18, 72 giolc faoin gclib #SnaG2018 agus beagnach 1,500 faoin gclib #LNMS (Lá na Meán Sóisialta).
Is é an gnáthlíon giolcacha a sheoltar i nGaeilge i gcaitheamh na bliana tuairim is 1,200 giolc sa ló. Nuair a chuirtear san áireamh gur seoladh giolcacha i nGaeilge ar an 16 Márta 2018, Lá na Meán Sóisialta, nach raibh aon cheann de na haischlibeanna thuasluaite mar chuid díobh tá ardú níos mó fós i gceist.
Ghlac os cionn 1,200 cuntas Twitter páirt sa bhfeachtas ‘Lá na Meán Sóisialta’ a reáchtáiltear ar an lá leathdhéanach de Sheachtain na Gaeilge chuile bhliain. Iarrtar ar chainteoirí Gaeilge, agus ar an bpobal i gcoitinne, an cúpla focal a úsáid ar na meáin shóisialta agus cur le feiceálacht na Gaeilge ar líne.
Dúirt Kevin Scannell le NÓS go raibh “borradh mór ann gan dabht” maidir le líon na ndaoine a bhí ag giolcaireacht i nGaeilge ar an 16 Márta agus líon na ngiolcacha féin a foilsíodh ar an suíomh. Níl sé chomh héasca céanna staitisticí faoi na hardáin eile, Facebook agus Instagram cuir i gcás, a bhailiú agus a ríomh.
Tá ardú leanúnach ag teacht ar líon na ndaoine a bhíonn ag Gaeilgeoireacht ar Twitter le blianta beaga anuas. Bhí dhá oiread daoine ag úsáid na Gaeilge ar Twitter in 2017 ná mar a bhí in 2015. Tá giolc amháin Gaeilge, ar a laghad, seolta ag 12,763 cuntas ó bunaíodh Twitter in 2006, agus tá 2.3 milliún giolc Gaeilge ar fad seolta.
Tháinig ardú ar líon na ngiolcacha Gaeilge a sheoltar sa tseachtain freisin. Bhí tuairim is 6,000 giolc Gaeilge á seoladh gach seachtain in 2015 ach tá thart ar 8,500 á seoladh anois. Seoladh an dá mhilliúnú giolc Gaeilge ar an 22 Iúil 2017 ó Bhaile Átha Cliath.