Uasdátú déanta ar an aip 2kmfromhome a léiríonn 5km ó theach ar bith in Éirinn

Tá uasdátú déanta ag lucht 2kmfromhome.com ar an léarscáil a chuir siad ar fáil an tseachtain seo caite i bhfianaise na srianta nua, laghdaithe, a tháinig i bhfeidhm inniu. Is féidir anois na socruithe ar an suíomh a athrú ó 2km, go 5km, 10km agus 20km, agus taispeánfar ciorcal dearg timpeall ar an áit a bhfuil do theach. 

Fágann na srianta nua go mbeidh cead ag muintir na 26 Chontae dul chomh fada le cúig chiliméadar óna gcuid tithe go dtí an 8 Meitheamh, nuair a laghdófar na srianta arís agus ceadófar turas 20km ón teach. 

Ba é Dave Bolger, innealtóir bogearraí, a chruthaigh an aip úsáideach ar lín a léiríonn na teorannacha éagsúla. Moltar duit fanacht sa teach an oiread agus is féidir le linn na géarchéime seo, agus gan dul amach ach amháin ar mhaith le píosa beag aclaíochta a dhéanamh uair sa ló. Má théann tú amach, déan cinnte go bhfanann tú le daoine a bhfuil tú in aontíos leo cheana féin agus nach mbíonn tú níos gaire ná dhá mhéadar ó dhaoine eile. 

Tá cead agat dul níos faide ná cúig chiliméadar le bia a cheannacht nó a bhailiú.

SCÉALTA EILE