Tá taiscumar “uisce leachtach” aimsithe faoi screamh Mhars ag an Mars InSight Lander. Chuir NASA an taiscéalaí leictreach ar an phlainéad dhearg in 2018 chun gluaiseacht theicteonach an reanna neimhe a thomhas le brathadóir seismeach. Rinne InSight taifead agus anailís ar chreathanna Mhars (Marsquakes!) ar feadh ceithre bliana gur tháinig sé ar “comharthaí seismeacha” go raibh uisce leachtach faoin screamh.
Foilsíodh an t-eolas úr seo in Proceedings of the National Academy of Sciences. Cé go bhfuil uisce reoite le fáil ag dhá mhol an phlainéid, agus go bhfuil fianaise ann go bhfuil gal san atmaisféar, is í seo an chéad uair a thángthas ar uisce leachtach ar an phlainéad.
Cuireadh deireadh le misean InSight in 2022 i ndiaidh dó “Cuisle Mhars” a chluinstin ar feadh ceithre bliana. I rith an ama sin, thaifead an taiscéalaí breis agus 1,319 crith Mhars. Trí luas na dtonnta seismeacha a thomhas, is féidir le heolaithe an t-ábhar a bhfuil na tonnta ag taisteal tríd a oibriú amach.
Rinneadh anailís ar na tonnta a thaifead InSight agus fuarthas amach go raibh taiscumair uisce chomh domhain le 6-12 míle (10-20km) faoin uisce.
Mhínigh an tOllamh Michael Manga ó Berkeley, ollscoil in Calafornia, gurb iad seo na teicnící céanna a mbaintear feidhm astu chun teacht ar uisce, ola, nó gás ar an Domhan. Lean sé a rá go raibh uisce ar an mhóilín is tábhachtaí in éabhlóid plainéid.
Dúirt an príomhthaighdeoir, an Dochtúir Vashan Wright ó Scripps Institution of Oceanography ag UC San Diego, go bhfuil an timthriall uisce Mharsach ríthábhachtach agus muid ag iarraidh éabhlóid na haeráide agus an dromchla a thuigbheáil.
Is freagra iad (nó cuid den fhreagra iomlán) na torthaí seo ar an cheist: “Cá ndeachaigh uisce Mhars?”
Tá cainéil agus rianta le feiceáil ar Mhars a léiríonn go raibh aibhneacha agus lochanna ar an phlainéad tráth. Le 3 billiún bliana anuas, áfach, is fásach é.
Míníonn an tOllamh Manga gur cailleadh cuid den uisce nuair a d’éag atmaisféar Mhars ach go bhfuil cuid mhaith dár n-uisce féin ar an Domhan faoin talamh. Níl aon rud le rá nach amhlaidh atá sé Mhars.
Ní raibh an taiscéalaí InSight ach an talamh thíos faoina chorp miotail a thaifead, ach tá na taighdeoirí ag súil go mbeadh taiscumair eile ar fud an phlainéid. Measann na heolaithe go mbeadh go leor uisce leachtach ann chun Mars a chlúdach le haigéan leath mhíle in airde an dromchla.
Dúirt na heolaithe gur drochscéala é seo do na billiúnaithe atá ag iarraidh Mars a choilíniú óir tá an t-uisce sáinnithe 10-20km faoin screamh. Seans go mbeidh ar Elon a chuid pleananna chun an domhan a fhágáil ina dhiaidh a chur ar athló … ar an drochuair.