Tá nuashonrú de chuid Windows 10 tar éis bac iomlán a chur ar roinnt ceamaraí gréasáin.
Ní ligeann an nuashonrú, a eisíodh cúpla seachtain ó shin, do cheamaraí bheith in úsáid d’fheidhmchláir ar nós Skype ná gnáth-scannánú a dhéanamh ón ríomhaire.
Meastar go mbaineann an fhabht leis an dóigh a bpléann Windows 10 le físeáin anois ach níl aon dáta tugtha ag Microsoft go fóill le haghaidh réiteach na faidhbe.
Is ar cheamaraí ionsuite agus ar cheamaraí atá ceangailte le USB araon a théann an nuashonrú lochtach i bhfeidhm.
Fágadh na milliúin teachtaireacht ar chóras tacaíochta Microsoft ó tháinig an nuashonrú amach agus, cé go bhfuil an comhlacht ag obair air faoi láthair, níl aon ráiteas oifigiúil eisithe acu fós maidir leis an fhabht.
Tá úsáideoirí Windows, go háirithe iad siúd a bhíonn ag brath go mór ar cheamaraí gréasáin, ag súil go seolfar an réiteach le linn mhí Mheán Fómhair.