Minato i gceartlár chuan Thóiceo, sa tSeapáin. Áit a bhfuil cónaí ar 217,335 duine, nó 10,865 duine ina aghaidh na gciliméadar cearnach.
Is anseo atá príomhoifigí leithéidí Sony, NEC, Toshiba agus Honda agus is ann atá conaí ar 48 ambasadóir.
Ach is í an chúis domsa a bheith ag scríobh mar gheall ar Minato ná gurb ón gcuid seo de Thóiceo an Mitsubishi Lancer, ach go háirithe an Evo X nua atá os mo chomhair amach.
Ón taobh amuigh, is gluaisteán tarraingteach é, a bhfuil cuma fhiachmhar, spórtúil air. Thuigfeadh aon duine láithreach go raibh an gluaisteán seo á úsáid ag lucht railí ón ngreille mór a théann ón mboinéad go bun an ghluaisteáin chun an méid is mó aer agus ir féidir a shlogadh isteach chun an t-inneall a choimeád fuar.
Dá bhrí seo, ón taobh amuigh, caithfidh mé a admháil gur maith liom an Evo X nua atá soláthraithe ag Mitsubishi Motors dom don lá!
Agus tú suite sa ghluaisteán tagann ísle brí láithreach ort, áfach.
Is cosúil gur dhear cuntasóir agus seinteoir doird gach rud laistigh den ghluaisteán, áit a raibh Hannibal Lecter agus Roy Keane ag dearadh an taobh amuigh de.
Ní féidir focal ar bith a thabhairt ar an deais seachas lom. Is ceart an cur síos air a fhágáil lom freisin chun go dtuigfidh sibh i gceart é.
Anuas air seo is cosúil gur úsáideadar MS Dos don ríomhaire turais, seachas an dath oráiste ar an téacs shílfeá go raibh na hochtóidí buailte linn arís.
Glaotar ríomhaire turais ar na sonraí atá ar fáil duit ón deais, ach sa chás seo, b’fhearr abacas a ghlaoch air toisc nach bhfuil ach fad do thurais deireanaigh agus líon an pheitril sa ghluaisteán ar fáil duit sa ghnáthLancer.
Níos measa fós, níl ach an trí rogha san Evo X, agus córas rialaithe tarraingthe mar an rogha sa bhreis. Agus ní raibh sé ní b’fhearr agus mé ag tiomáint chuig an miondíoltóir peitril thíos an bóthar ach oiread.
An t-aon bhealach go bhféadfainn cur síos a dhéanamh ar an ngluaisteán seo agus mé á thiomáint i gceantar uirbeach – dá bhrí sin thart ar 50 ciliméadar san uair agus idir 2000 agus 4000 reibh – ná go bhfuil sé cosúil le bheith i do shuí i gcanna Dutch Gold le ceithre roth air.
Tá an fothram ón ineall uafásach géar, agus mar a luaigh mé níl aon rud compórdach, galánta nó deas fiú faoin taobh istigh den ghluaisteán.
Ón méid atá ráite agam is cosúil nár chóir idir €21,823 agus €24,314 a íoc ar an ngnáth-Lancer, nó nár chóir cinnte €67,633 a íoc ar an Evo X, agus gurb fhearr duit d’airgead a chaitheamh ar Ford Focus, Honda Civic, nó Subaru Impreza.
Caithfidh go bhfuil an Lancer go maith i slí éigin, ach conas? Deir Mitsubishi go bhfuil an-chuid torc tiomána ag an Lancer.
Céard is brí leis seo? Is féidir leis an gcumhacht uilig atá san inneall aige a úsáid toisc leagan amach cliste an ghluaisteáin ó thaobh an mheáchain de.
Ní hamháin gur féidir leis an Lancer é seo a dhéanamh agus tú ag tiomáint i líne dhíreach, ach mar gheall ar an gcrochadh atá ar an ngluaisteán ní chailleann tú an greim seo ar an mbóthar agus tú, mar shampla, ag tiomáint timpeall ar thimpeallán beagáinín ró-scioptha.
Ó thaobh tiomána tapa de, agus tú ag tiomáint ar an mótarbhealach, d’fhéadfá 170 ciliméadar san uair a bhaint amach go héasca sa cheathrú giar de bharr na cumhachta seo san inneall, ach dár ndóigh, ní dhearna mé é seo a fhiosrú!
Ní hé an luas an rud is fearr faoin ngluaisteán seo, ach an luas atá aige agus tú ag casadh cúinne.
Go bunúsach tá sé ro-éasca tiomáint go scioptha timpeall ar chúinní.
Is d’aon ghnó a luaigh mé Hannibal Lecter ní ba luaithe, toisc go n-íosfar d’inchinn ag Lecter sula gcaillfidh an Mitsubishi an greim daingean sin ar an mbóthar.
Luaigh mé cé chomh dona agus atá an fothram ón inneall ní ba luaithe freisin agus tú ag tiomáint go mall ach i ndiaidh tiomáint tapa, is leor a rá go dtuigtear cén luas is fearr ó thaobh fhothram an innill de.
Anuas air seo uilig, cé go bhfuil cuma lom ar an deais, agus gach rud laistigh den ghluaisteán seo, is cosúil go raibh seift ag Mitsubishi go mbeadh an Lancer níos éadroime sa chaoi go mbeadh sé níos scioptha, agus d’éirigh leo!
Maidir leis na sonraí teicniúla… slogfaidh an Lancer 65.5 lítear peitril agus is féidir thart ar 850 ciliméadar a thiomáint agus d’umar lán. Braitheann sé seo ar an luas ag a dtiomáineann tú dár ndóigh.
Tá cumhacht 165ec (ec = each-chumhacht) ag an ngnáth-Legacy agus rogha idir 300ec agus 350ec agat leis an Evo X.
Chun coimriú a dhéanamh ar an Lancer Evo X nua, tá cuma ghalánta air ón taobh amuigh, agus beidh tú ag tiomáint chomh scioptha sin nach dtabharfaidh tú an taobh istigh faoi dheara.
Níl sé ró-chostasach don spraoi a mbainfidh tú as ach oiread, bhuel tá, ach is féidir leat an ceann leis an inneall 1.5 lítear, atá níos lú, a cheannach más rud é go bhfuil tú buartha faoin timpeallacht agus do sparán.
Daoibhse a cheannaíonn SUV mór chun bhur bpáistí a chosaint i gcás timpiste in D4, mholfainn Lancer a cheannach sa chaoi go mbeidh sibh in ann an timpiste a sheachaint.
Ár mbuíochas do mhuintir na Seapáine as an mbréagán iontach seo…