Bhuaigh Fearghas Mac Lochlainn an comórtas filíochta a reáchtáladh ag Féile na bPuiteachaí in Inis Meáin ar an 1 Deireadh Fómhair 2022. Seo thíos a dhán – ‘Amhrán na bPuiteachaí’
Bhí mé lá istigh in Inis Meáin,
Ó shiúil mé na bailte is na builteachaí,
Céard a d’fheicfinnse ag fás ann chuile áit,
Ach driseachaí luchtaithe le puiteachaí.
Puiteachaí, puiteachaí ag fás,
Puiteachaí ag fás ar na driseachaí,
Líonaigí tin-can go barr,
Le puiteachaí, puiteachaí, puiteachaí.
Chaith mise an lá in Inis Meáin,
Shiúil mé na creaga is na carcrachaí,
Shiúil mise ar fud an oileáin,
Agus chaith mise an lá ag baint phuiteachaí.
Cúrfa
Ag imeacht le tin-can ‘mo láimh,
Óra, bhí mise feannta ag na driseachaí,
Ach níor chuir mise suim ar bith ann,
Mar thabharfainn mo dhá shúil ar phuiteachaí.
Cúrfa
Tá crúibhíní is airní thar barr
Sú talún, sú craobh agus sceachóirí,
Ach ní bhfaighidh sibh aon toradh níos fearr,
Ná na puiteachtaí a fhásanns ar dhriseachaí.
Cúrfa
Bíonn úllaí ag fás ar an gcrann
Fásann fataí ‘gus meacna sna garrantaí,
Bíonn eibheann ag fás ar an aill,
Is bíonn puiteachaí ag fás ar na driseachaí.
Cúrfa
Más maith leatsa subh ar arán,
Más maith leatsa cácaí is toirtíní,
Níl uaitse ach aon toradh amháin,
Is é an toradh atá i gceist agam ná puiteachaí.
Cúrfa
Dhúisigh mé maidin amháin,
Bhí druideanna amuigh ar na driseachaí,
D’fhógair mé orthu le gráig,
An bhfuil mo chuid puiteachaí ite agaibh?
Cúrfa
Tháinig Colm de Bhailís go hInis Meáin,
Bhí sé ag obair is gan rud ar bith ite aige,
Ní bhfuair sé fiú ruainne aráin,
Muise tuige nár ith sé slam puiteachaí?
Cúrfa
Nach iontach go deo é an sméar dubh,
A leigheasfaidh arthritis is scoilteachaí,
Is éard a dúirt Colm Héinrí inniu,
Go leigheasfadh sé Covid le puiteachaí.
Cúrfa
Ach inseoidh mé daoibh rud amháin,
Éistígí a chairde is creidigí,
Má tá weedkiller caite chuile áit,
Beidh deireadh go brách leis na puiteachaí.
Gheobhaidh na puiteachaí bás,
Ní bheidh puiteachaí ag fás ar na driseachaí,
Ní bheidh tin-can ag imeacht i do láimh,
Mar beidh deireadh go brách leis na puiteachaí.
Cúrfa