Beidh an lucht na féile Traidphicnic, ar an Spidéal i nGaeltacht na Gaillimhe, ag ceiliúradh deich mbliana a bunaithe i mbliana agus beidh idir cheoltóirí agus cheardaithe i measc na ndaoine a ghlacfaidh páirt san fhéile.
Cuirfear tús leis an bhféile inniu an 2 Iúil agus beidh imeachtaí ar siúl go dtí an Domhnach an 4 Iúil. Is ar líne a bheidh na himeachtaí á reáchtáil i mbliana de bharr shrianta Covid, agus beidh idir cheol taifeadta, cheol beo, drámaí agus taispeántais le feiceáil le linn an deireadh seachtaine.
Bhí dioplóma bliana díreach curtha di ag cathaoirleach na féile, Bridge Barker, nuair a cuireadh an Traidphicnic ar bun sa bhliain 2011.
“Ní raibh aon fhéile cheoil sa cheantar ach amháin Éigse an Spidéil, ach ní raibh aon fhéile shamhraidh ann. Shíl mé go mbeadh sé go deas rud a bhunú sa cheantar a bheadh oscailte do chách agus a bhféadfadh le duine ar bith páirt a ghlacadh ann, beag beann ar a chúlra ná aois,” a dúirt Bridge.
Chomh maith leis na himeachtaí a bheidh ar siúl ar líne an deireadh seachtaine seo, rinneadh taifeadtaí ar ‘thobsheisiún’ in áiteanna iargúlta Gaeltachta, agus súil ag lucht na féile an ceiliúradh ar an gceol a thabhairt chomh fada le daoine a thagadh go himeachtaí na Traidphicnice murach an víreas corónach ach nach bhfuil cleachtaithe leis na meáin shóisialta.
“Bhí cúpla Pop-Ups againn amuigh i measc an phobail. Chuaigh muid siar go Ros Muc agus an Teach Dóite agus thaifead muid seisiún a reáchtáladh amuigh faoin aer gan aon fhógra roimh ré. Chuaigh muid chuig na daoine ar an iargúil, agus chuig an dream nach bhfuil baint acu leis na meáin shóisialta, le ríomhairí ná le fóin chliste, agus rinne muid ceangal leis an bpobal sin, lucht an phinsin,” a dúirt Bridge.
Ar na himeachtaí a chraolfar ar líne an deireadh seachtain seo beidh ‘Tóit Chonáin’ le Fighting Words Chonamara; ‘Traidmos’ leis an ghrúpa ceoil ATMOS Collective; dráma nua ó pheann Mháirín Mhic Lochlainn ag Cumann Drámaíochta Chlub Foghlaimeoirí Gaeilge Chois Fharraige; ‘Seoda Áitiúla’ le Coláiste Mhuire Gan Smál agus Coláiste Cholmcille, chomh maith leis na sraitheanna ceoil ‘Hup an Baile s’Againne’ agus ‘Bláisíní Éagsúla’ ar chuntas TikTok na féile.