Má tá aithne ar bith agaibh orm, tá a fhios agaibh nach mórán spéise atá agam ag plé spórt na Gaeilge. Is é sin, ag caint ar an nGaeilge, ag caint ar an drochbhail atá á cur uirthi, ag tuairisciú ar céard a dúradh ag Coiste Oireachtais Gaeilge éigin nó ag caint ar an maoiniú a fhaigheann ná nach bhfaigheann sí.
Tá daoine amuigh ansin a bheadh in ann bonn Oilimpeach a fháil as ucht an méid eolais atá acu ar Shamhail Nua Mhaoinithe Fhoras na Gaeilge, ach faraor, bheadh mise fós ag rith an rása sin. Go minic, seachnaíonn mé ‘ceist na Gaeilge’ ar an idirlíon, mar i ndáiríre, bím maraithe amach aige agus corruair, creidim go ndéanann muid scéal chailleach an uafáis as chuile shórt beo.
Mar sin féin, tá cathanna ann a rachaidh mé chun troda ar a son. Ceann acu sin, cath an tsínidh fhada. Ó rugadh mé, tá na céadta maratón Gaeilge rite agam ar thóir mo chuid sínte fada.
An tseachtain seo, chonaic mé tuairiscí faoin léiritheoir teilifíse Ciarán Ó Cofaigh, atá ag tabhairt dúshlán do Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte mar gheall ar dhiúltú iomlán an meas is lú a d’fhéadfaí a thabhairt dúinn a léiriú — ár n-ainm a litriú i gceart.
Seo ceist ina bhféadfainn féin, le m’ainm fada místuama, lán sínte fada, veist ghlas a chuir ar mo dhroim, agus bonn a bhaint amach ar ár son.
Creidim go bhfuil sé spéisiúil freisin, gur roghnaigh áisíneachtaí éagsúla nuachta a mhíniú dá gcuid léitheoirí dá n-éireodh le Ó Cofaigh, go gcuirfeadh sé costas ollmhór ar na háisíneachtaí a gcuid seirbhísí ríomhaireachta a uasdátú, nó go ngearrfaí fíneáil orthu. Na diabhail Gaeilgeoirí sin ag cur tuilleadh costais ar an stát arís!
Le seachtain, chuir mé amach cúpla giolc ag míniú do dhaoine an tábhacht a bhaineann leis an fada agus ag taispeáint an t-athrú atá sé in ann a chuir ar fhocal. Uair ar bith a dhéantar plé ar an nGaeilge, deirtear linn nach bhfuil aon spéis inti, gur cur amú ama í, gur cuma le daoine.
Fuair ceann amháin de na giolcanna os cionn 31,000 imprisean, agus bhain ceann eile os cionn 76,000 amach. Tá daoine fós á roinnt, agus ag roinnt na streachailte a bíonn acu féin leis an síneadh fada: eagraíochtaí éagsúla ag baint a gcuid sínte fada díobh, nó á gcur ar na litreacha míchearta.
Duine amháin, as na mílte a chonaic na giolcanna, a roghnaigh anró a chuir ar féin le giolc a chuir ar ais agam le n-insint dom gur ag cur amú ama a bhí mé. Léiríonn sé seo dom, in ainneoin iarrachtaí an stáit, go bhfuil meas ar an nGaeilge sa bpobal, agus go háirithe, go dtuigeann daoine an tábhacht a bhaineann lenár bhféiniúlacht agus lenár n-ainm.
Ba bhreá liom a fháil amach an mbíonn an fhadhb chéanna ag Céline sa Fhrainc, nó ag Jürgen na Gearmáine, nó cosúil leis an CLG, gur spóirt do na hÉireannaigh amháin atá sa troid ar son an tsínidh fada.
Tá sé íorónta go gcaithfidh Ciarán Ó Cofaigh dul ag rialacha na hEorpa le aitheantas a ‘chruthú’ dá ainm Gaelach in Éirinn, agus gur Éireannaigh eile a bhí ag rá gur beag a bhí ar a aire, go háirithe agus é san ospidéal.
Maidir leis an bhfoghraíocht, sin spóirt Oilimpeach eile nach mbeadh mé riamh sách aclaí le tabhairt faoi. Is dóigh liom gur saineolaithe na Samhla Nua Maoinithe, ná daoine a chaith ar a laghad sé mhí as a chéile i gClub an Chonartha an t-aon dream a bheadh sách súpláilte don spórt sin.