Déanaimse ceiliúradh ar ‘Lá an Ghrá’ ó cheann ceann na bliana

Ní duine mé a cheiliúrfadh Lá Fhéile Vailintín, dáiríre. Nuair mé mé ar scoil, bhíodh mé i gcónaí in éad leis na cailíní a mbíodh buachaillí acu, agus a chaitheadh an lá agus teidithe móra, bláthanna agus seacláid ar iompar acu. Ní go dtí go bhfuair mé mo chéad bhuachaill a thuig mé nár cheart an rómáns a bhaineann le Lá Fhéile Vailintín a choinneáil d’aon lá amháin.

Is breá liomsa na pheataireacht chomh maith céanna le bean ar bith eile, ach bíonn deacracht agam an beart a dhéanamh faoi bhrú, mar a déarfá. Ach an oiread le hOíche na Seanbhliana, is minice ná a mhalairt a chuireann an brú an lá is rómánsúla áille riamh a bheith agat Lá Fhéile Vailintín go tóin poill. Feictear dom má scaoiltear le fís an lae fhoirfe, i gcás féile ar bith, go n-éiríonn i bhfad níos fearr leis an gceiliúradh.  

Fágann sé seo go ndéanaimse ceiliúradh ar ‘Lá an Ghrá’ ó cheann ceann na bliana. Tapaím gach deis is féidir liom mo chéile (nó mé féin) a mhilleadh. Níor cheart ceiliúradh an ghrá a theorannú do lá amháin i mí Feabhra, ach lá ar bith a mbíonn an fonn ort é a cheiliúradh. 

Mar sin féin, má tá tú gann ar smaointe cén dóigh Lá Fhéile Vailintín a cheiliúradh, nó má tá tú cosúil liomsa agus ag cuardach smaointe do gach lá eile sa bhliain, caith uait an teidí gránna sin  agus léigh na leideanna seo. 

Collaíocht na Maidine 

Toisc go n-éirímse níos luaithe ná mo chéile i gcaitheamh na  seachtaine, is iondúil nach bhfaighim mo ‘fáinne an lae’ go dtí an deireadh seachtaine. Anuas air sin, bíonn an oiread sin laethanta ann a deirimid gur cinnte go mbuailfimid craiceann an lá sin, agus ansin titeann inár gcodladh ar an tolg gan oiread is bróg bainte de cheachtar againn. 

In olcas a théann rudaí Lá Fhéile Vailintín. Ar dtús bíonn an béile rómánsúil ann, ansin gloine fíona (nó seacht), agus b’fhéidir scannán. Faoi dheireadh na hoíche, is dóiche ná a mhalairt go mbeidh an bheirt agaibh i bhur gcnap ag 11.30 in áit a bheith ag dul suas ar a chéile. 

Féadtar é seo uilig a sheachaint le collaíocht na maidine. Éirigh uair a chloig níos luaithe ná mar is gnáth agus cuir tús ceart leis an lá. 

Gnéacsáil 

B’fhéidir go mbeadh an ceann seo ábhairín níos casta, ach is fiú an tairbhe an trioblóid. Ar dtús, ní mór a chuimhneamh go dtosaíonn an chollaíocht san inchinn do go leor ban. Más féidir leat do chéile a chur ag smaoineamh ar an gcollaíocht, á samhlú agus ag súil leis cúpla uair a chloig roimh ré, seans maith go mbeidh sí i bhfad níos mothálaí agus drúisiúla nuair atá an gnó le cur i gcrích. (Molaim go mór an leabhar Vagina le Naomi Wolf le tuilleadh eolais faoi seo a fháil). 

Cuir intinn do chéile ag rith le gnéacsanna beaga a sheoladh le linn an lae. Cabhróidh sé le rudaí ar ball agus cuirfidh sé sa meon ceart é uaireanta an chloig roimh ré. Fonn ort gnéas paiseanta, fíochmhar, fiáin a bheith agat, mar a bhíonn acu sna scannáin? Seo an bealach lena fháil. 

Ceannaigh bréagán

Ní féidir liom róbhéim a chur air seo. Gan aon amhras, is é an bréagán gnéis is fearr atá agam an Hitachi Magic Wand. Seans go bhfuil cuma mhór agus scanrúil air, agus sea, caithfear é a phlugáil isteach sa bhalla, ach gan dabht ar bith is fearr i bhfad é ná bréagán beag cadhnraí. Má tá tú ag lorg bealach le do shaol collaíochta a ardú go leibhéal nua, is fiú go mór bréagán a thabhairt isteach ann. Baineann mise agus an Buachaill sa Chathair beirt an-spraoi as an Hitachi, mar sin is féidir le cách sult a bhaint as. 

Fosta, is fearr seacht n-oiread bréagán gnéis ná bláthanna Lá Fhéile Vailintín. 

SCÉALTA EILE