‘Deas, cairdiúil, agus lách leis na gasúir’ a bhí Patrick Dempsey in Inis Meáin

“Deas, cairdiúil, agus lách leis na gasúir” a bhí an t-aisteoir aitheanta as Meiriceá Patrick Dempsey agus é ar cuairt san oileán Gaeltachta Inis Meáin Déardaoin seo caite.

D’eitil Dempsey, atá in Éirinn le cúpla seachtain anuas agus é i mbun scannánaíocht ar an scannán nua de chuid Disney Disenchanted, as Aerfort Chonamara in Indreabhán go hInis Meáin le cuairt a thabhairt ar Chniotáil Inis Meáin, comhlacht a bhfuil an-chion aige air. 

View this post on Instagram

A post shared by Patrick Dempsey (@patrickdempsey)

Cúpla seachtain ó shin, roinn an t-aisteoir, a bhain cáil amach ina ról mar Derek Shepherd sa gclár Grey’s Anatomy, pictiúr de féin agus geansaí de chuid Chniotáil Inis Meáin air ar na meáin shóisialta.

Agus é san oileán an tseachtain seo caite, thug sé cuairt ar an monarcha cniotála agus chaith tamall ag labhairt le muintir na háite. Casadh Patrick ar Mhairéad Ní Fhátharta, príomhoide Choláiste Eoin agus cathaoirleach Chomharchumann Inis Meáin, agus í ag dul chuig an trá lena gasúir. 

“Bhí sé seasta i lár an bhóithrín, stop sé muid agus lig air féin gur Garda a bhí ann. Bhain sé gáire asainn, agus bhí sé an-deas, an-chairdiúil, agus an-lách leis na gasúir. Bhí grúpa daoine leis, agus cuireadh in aithne dúinn é. Bhí an leagan Gaeilge dá ainm féin ar eolas aige – ‘Pádraig, that’s my name’ a dúirt sé linn,” a dúirt Mairéad le NÓS. 

Níor chaith Patrick Dempsey ach aon lá amháin in Inis Meáin ach ó tá seans ann go bhfeicfidh muid cuid d’Inis Meáin – na geansaithe áille sin a bhfuil cion aige orthu – ar a dhroim go minic amach anseo.