FÍSEÁN: Is muidne Éire in Hamburg

Nuair a chuimhnítear ar phobail Ghaeilge na hEorpa, is túisce a chuimhnítear ar leithéidí Roma, Leuven, agus Paris, seans, na háiteanna a bhfuil Coláistí na nGael ann agus a bhfuil dlúthcheangal cultúir acu leis an tír seo. Ansin, is dóigh go gcuimhneofaí ar leithéidí Bruxelles, Strasbourg agus Lëtzebuerg, mar a bhfuil na céadta Éireannach ag obair in institiúidí an Aontais Eorpaigh.

Ach tá Gaeil ar fud na hEorpa, in áiteanna nach mbeifí ag súil leo, agus d’fhógair an pobal bríomhar in Hamburg, cathair i dtuaisceart na Gearmáine,  gur ann dó i bhfíseán spreagúil a eisíodh do Lá Fhéile Pádraig.

Bunaíodh craobhacha de Chonradh na Gaeilge agus de Chumann Lúthchleas Gael sa gcathair le tamall de bhlianta anuas, agus tá beagnach 100 duine ina mball de na heagraíochta sin anois. Go deimhin, beidh Hamburg GAA ag tabhairt aghaidh ar fhoirne eile na Gearmáine ag deireadh na míosa seo agus súil acu an corn náisiúnta a thabhairt leo den dara bliain as a chéile.

Bíonn ranganna Gaeilge ar siúl go rialta sa teach tábhairne Éireannach ‘The Irish Rover’ in Hamburg agus Éireannaigh, Gearmánaigh, Meiriceánaigh, agus Sasanaigh ag foghlaim na teanga ann.

Breathnaígí ar an bhfíseán thuas le blaiseadh a fháil de shaol na nGael in Hamburg!

SCÉALTA EILE