Ní bhíonn mórán oícheanta in Toulouse nach bhfuil imeacht éigin á eagrú nó rud éigin le feiceáil. Eagraítear go leor imeachtaí do mhic léinn idirnáisiúnta ionas go gcuirfidh muid aithne ar a chéile agus ar an gcathair. Ar bhealach, cuireann sé Seachtain na bhFreisear i nGaillimh i gcuimhne dom, ach go bhfuil mí caite anois agam leis agus gan mórán cuma air go bhfuil deireadh ná maolú fiú ag teacht ar na rudaí le déanamh.
Agus mé ag freastal ar imeachtaí na bhfreisear sa gcéad bhliain (ní raibh deis agam é a dhéanamh sa dara bliain mar gheall ar an C mór nach n-ainmneofar), is i gclubanna oíche na Gaillimhe a chaith mé an chuid is mó de mo chuid ama – mar aon le formhór na bhfreisear eile, chuirfinn geall!
Cé go raibh corrimeacht lae ann, idir mhaidineacha caifé agus tráthnónta scannáin, is ar na himeachtaí oíche is mó a bhíodh an tóir, mór an t-ionadh. Is cuimhin liom go raibh rudaí ar nós dinnéaracha agus tráth na gceist á n-eagrú i rith an lae freisin, ach bhí mise fós ag braith ar bhus a 424 le mé a thabhairt abhaile, agus dá bhrí sin níor éirigh liom freastal ar oiread agus ceann amháin de na himeachtaí sin. D’fhág an bus deireanach Gaillimh ag a sé mar sin bhí sé de rogha agam dhul abhaile luath ar an mbus sin, nó dhul amach agus hackney a eagrú.
Tá ag éirí liom anois freastal ar na himeachtaí lae sin anois, chomh maith le ceanna na hoíche. An tseachtain seo mar shampla, bhí oíche cluichí boird, oíche karaoke, cluiche petanque agus maidin mhargaidh le picnic ina dhiaidh eagraithe dúinn.
Cheap mé ar dtús go mba chluichí óil nó cluichí i bpub a bheadh san oíche cluichí, dairteanna, púl agus a leithéid. Ní hea ar chor ar bith, ach cluichí boird mar a bheadh agat sa mbaile.
Tá na Francaigh craiceáilte fúthu. Agus ní hiad na gnáthchluichí ar nós Monopoly ná Cluedo a bhíonn i gceist ach an oiread, ach ceanna nár shroich tailte na hÉireann go fóill. Ar an gCéadaoin a bheidh sé sin agus tá mé ag súil le go bhfeicfidh mé cedós cluichí a bheidh curtha ar bord dúinn.
Ní raibh mé ag aon karaoke cheana mar sin níl a fhios agam céard leis a bhfuil mé ag súil. Ní maith ar bith liom ag canadh, cé nach minic go gcuireann sé sin stop ar bith liom.
Beidh an petanque ann ar an Satharn – cluiche Franach é ina gcaitear liathróidí. Is cosúil gur seanleaids is mó a imríonn é. Is é an míniú a tugadh dom faoin gcluiche ná imrítear an cluiche agus go n-óltar pastis, ach ní maith le duine ar bith pastis agus níl duine ar bith in ann an cluiche a imirt. Agus de réir mar a óltar an pastis, éiríonn an imirt níos measa. Feicfidh mé cén chaoi a n-éireoidh liom Dé Satharn mar níl tóir ar bith agam ar an bpastis.
Beidh muid ag gabháil amach freisin gan dabht ach ós rud é go bhfuil a fhios agam go bhfuil clubanna na hÉireann dúnta go fóilleach (ach le n-oscailt go luath…. anocht más fíor?) agus níl mé ag iarraidh go mbeadh sibh le ceangal amach is amach théis daoibh é seo a léamh, mar sin ní déarfadh mé tada eile faoi sin. Ach beidh mé ag cuimhneamh oraibh agus an oíche mhór ag druidim libh!