Is breá linn nuair a deir eachtrannach go bhfuil an iomáint iontach

Tá radharc amháin sa gclár Derry Girls atá tráthúil go maith agus muid ag an am seo bliana. Tá siad ag dul ar saoire go Dún na nGall chun imeacht ón na paráidí. Aimsíonn siad fear óg i mbúit an chairr, a bhí ag fáil “síob” uathu in iarracht éalú ón Sé Chontae. Tá siad i bponc, ag iarraidh déanamh amach an bealach is fearr chun déileáil leis an bhfeairín beag ón IRA. 

Cuireann an col ceathrar as Sasana, James, an cheist soineanta ag fiosrú cén fáth nach nglaoitear ar na póilíní agus faigheann sé freagra borb ag rá nach ndéantar rudaí ar an gcaoi sin. Tá drochbhail ar an gcréatúr ó tháinig sé go Doire ag iarraidh déanamh amach céard atá ceart agus céard nach bhfuil, agus cailleann sé an cipín sa deireadh ag impí orthu an “caidreamh casta” idir na Gall agus na Gaeil a mhíniú dó. 

Rith an radharc sin liom an tseachtain seo agus mé ag breathnú ar Shasana in aghaidh na Cróite. Ar cheart tacú le Sasana, nó ar peaca marfach a bheadh ann dul i gcomhluadar na ndaoine a chan amhrán na banríona. Bhí sé níos deacra gráin a bheith orthu. Ach raibh fear as Conamara ina measc! Choinnigh mé cos sa dá champa agus roghnaigh mé gan tacú leo, ach gan mórán fuinnimh a chuir amú ag dul ina n-aghaidh ach oiread. 

Ar aon chuma, dúirt mé liom féin, má théann siad ag an gcluiche ceannais féin, buailfidh galar Mhaigh Eo iad. Tá na Gaeil agus na Sasanaigh fite fuaite ar na céadta bealaí éagsúla, agus mar sin, ní nach ionadh go bhfuil na mothúcháin atá againn ina dtreo casta chomh maith. Ar an lá céanna a bhí Sasana ag fáil faoi réir don chluiche mór, bhí an prionsa Harry agus a bhean chéile Meghan Markle i mBaile Átha Cliath agus tháinig tír agus talamh amach chun breathnú orthu. 

Níl siad pósta i bhfad, agus bhí mé féin i measc na milliún a choinnigh súil orthu an lá sin. Ach ní rachainn trasna an bhóthair chun breathnú orthu anseo. Chuirfeadh sé náire orm. Chuadar ag an áit ina dtugtar chun cuimhne an Gorta Mór, agus seans maith nár dúradh le Harry gurbh iad a shin-sin-sin-seanmhuintir ba chúis le go leor den ocras. Chuadar go Páirc an Chrócaigh, agus b’fhéidir gur luadh Domhnach na Fola leo, ach fuair siad deis draíocht Joe Canning a fheiceáil chomh maith nuair a scoilt sé na cuaillí leis an sliotar, agus nach muid a bhí sásta gur bhain siad an-taidhm as?

Níl tada ar bith níos fearr do na Gaeil ná nuair a dheireann duine éigin ó thír éigin eile linn go bhfuil an iománaíocht iontach. Níl tada ar bith faoin spéir chun é a bhualadh nuair is prionsa Briotanach atá faoi gheasa againn. Ar aon chuma, ar ais ag an gcluiche. Nuair a fuair Sasana an cúl, thit mo chroí. Nuair a bhuail an Chróit iad, bhí trua agam do fhoireann Southgate. Níl fhios agam gur maith liom go raibh trua agam dóibh. Ach tá fhios agam go ngoillfeadh sé níos mó orm dá mbeadh sé ag ‘teacht abhaile.’ Tá an ceart ag na Derry Girls, ní féidir na mothúcháin a théann leis a mhíniú go simplí.