Níl mo thuismitheoirí maraithe agam go fóill…

Tá mé ceithre lá i chónaí sa bhaile anois agus níl mo thuismitheoirí maraithe agam go fóill. Sílim go bhfuil mé níos sásta anseo anois ná mar a bhí i nGaillimh, cé go bhfuil mo thuismitheoirí do mo chrá agus nár labhair mé le duine ar bith atá ar comhaois liom ó bhí mé i nGaillimh. Tá mé ag caitheamh níos mó ama gafa i mo sheomra agus nío mó ama amuigh sa ghairdín. 

Thóg mé teach gloine ag tús na seachtaine agus bhí mé ag obair ó shin lena líonadh le lusanna gréinne, plandaí sú talún, puimcíní agus trátaí. An fhadhb atá agam anois ná nach bhfuil mé foighneach go leor fanacht orthu agus téim amach ar a laghad trí huair sa lá le hamharc orthu. 

Tá duine de mo nianna iontach tógtha leis an teach gloine — deir sé go bhfuil sé tógtha againn le gur féidir leisean a chuid bréagán ar fad a chur isteach ann agus tá an áit lán de charranna agus rudaí Peppa Pig, mar a bhíonn achan áit nuair atá páiste trí bliana d’aois thart. 

Tá an leaid eile seacht mbliana d’aois agus chaith mé tús na seachtaine ag teagasc na rothaíochta dósan. Thosaigh muid Dé Luain amuigh ar an tsráid ach bhí mo mhamaí agus a mhamaí ag amharc air agus d’éirigh sé róthuaifisceach leanúint air. 

Maidin Dé Máirt rothaigh muid beirt chun na scoile. Bhí a shuíochan ró-íséal dó agus bhí sé ag gearán faoi an bealach ar fad chun na scoile. Ansin trathnóna, d’ardaigh mé an suíochan ach dúirt sé go raibh sé ró-ard dó agus arís, chríochnaigh an lá le deora agus fearg. Bhí seiseann ag mothú go dona faoi chomh maith. 

Ach Dé Céadaoin, tháinig achan rud le chéile. Bhí sé ag rothaíocht timpeall na sráide ag iarraidh taispeáint do gach duine sa teaghlach go raibh sé in ann é a dhéanamh agus ag insint dúinn go bhfuil sé chomh furasta sin le déanamh nach dtuigeann sé cén dóigh nach bhfuil achan duine in ann rothaíocht. 

Bainim fíor-sult as a bheith ag crochadh thart leis na gasúirí agus bhain mé sult i gcónaí as a bheith ag obair le páistí ach is breá liom fios a bheith agam go dtiocfaidh deireadh leis agus go mbeidh mé in ann am a chaitheamh liom féin arís agus spás pearsanta a bheith agam. Ach níl sin agat nuair atá do pháistí féin agat. 

Sílim gur ghlac mé leis i gcónaí go mbeidh páistí agam amach anseo ach anois tá mé ag ceistiú sin mar gheall ar léir mór fathanna éagsúla – níl an fuinneamh agam, tá go leor daoine ar an domhan seo cheana féin nárbh fhiú cuir leis agus is ar éigean gur féidir liom aire a thabhairt dom féin, gan trácht ar dhuine eile. 

Ach ní cinneadh é sin atá le déanamh agam láithreach agus tá go leor ama agam a bheith ag smaoineamh faoi. 

Agus anois go bhfuil mé ar ais le mo thuismitheoirí, níl baol ar bith ann go dtarlóídh sé trí thimpiste!