Bhí muid millte ag an iománaíocht i mbliana. Ó mhí Bhealtaine, chonaic muid sárchluiche i ndiaidh sárchluiche agus na contaetha móra iomána ag cur barr a chéile. Bhí an lá deireanach den chraobh draíochtúil, agus Corn Liam Mhic Cárthaigh anois i Luimneach tar éis gorta 45 bliain.
Mar a déarfadh lucht na hArdteiste, bhí muid ar mhuin na muice, agus d’imigh an séasúr ar nós na gaoithe. Bíodh sin mar atá, níl cúrsaí iomána gan locht, ná baol air. Ní gá ach breathnú ar liosta na mbuaiteoirí. Taobh amuigh de na contaetha traidisiúnta, níl aon chontae eile in ann aon mhaith a dhéanamh.
Go deimhin, caithfear dul siar chomh fada le 1938 chun contae nach mbíonn luaite leis an iománaíocht a aimsiú, agus creid nó creid é, sin iad Baile Átha Cliath. Agus faraor, tá an bhearna ag dul i méid. Tá Aontroim agus Uíbh Fhailí gaibhte in olcas, agus cé go bhfuil roinnt eile cosúil le Ceatharlach ag treisiú leo, níl siad gar do na ríthe, ná baol orthu.
Tá géarchéim iomána ann. Níl fáil ar an gcluiche ach i gCúige Mumhan, ceantair éagsúla i gCúige Laighean, taobh thoir de chathair na Gaillimhe agus corr phóca anseo is ansiúd sa gcuid eile den tír.
Tarraing líne siar ó Bhaile Átha Cliath agus ní bhfaighidh tú mórán iománaíochta ó thuaidh den líne sin. Go deimhin, murach an obair atá déanta ag roinnt i gcumainn bheaga i gConamara, ní bheadh fáil ar aon chamán taobh thiar de Chnoc na Cathrach. Agus is léir gur cuma leis an CLG gur mar seo atá mar níl aon phlean ann chun go mbeadh aon bhorradh faoin scil.
B’fhéidir gur bhreathnaigh 0s cionn milliún ar an gcluiche ceannais iomána Dé Domhnaigh seo caite. B’fhéidir go raibh ós cionn 80,000 duine i bPáirc an Chrócaigh. B’fhéidir go raibh an méid céanna daoine amuigh ar shráideanna Luimnigh ag cur fáilte abhaile roimh a laochra nua. Ach cé mhéid acu seo atá in ann sliotar a phiocadh suas leis an gcamán agus í a bhualadh go snasta? Ní bheadh mise in ann fiú greim ceart a fháil uirthi, mar níor cuireadh aon chamán i mo lámh.
Mar sin, cé go mbeifear ag moladh an iománaíocht go spéir, agus an craobhchomórtas, caithfear cuimhneamh go bhfuil sí ag fáil bháis i go leor áiteacha, agus go deimhin í maraithe go maith in áiteacha eile.
Cuireann sé mo sheomra leapa i gcuimhne dom. Le breathnú air, cheapfá go raibh sé néata agus a áit féin ag chuile ní. Ach, oscail an vardrús agus tá sé ina phraiseach. Nó breathnaigh faoin leaba agus tiocfaidh tú ar an dusta nach bhfacthas agus é in luí ansin sa dorchadas, ligthe i ndearmad.
Sin atá déanta le hAontroim, Uíbh Fhailí, Contae Laoise agus go leor eile, a fhad agus atá caighdeáin na foirne atá le feiceáil ag an bpobal faighte níos snasta ná mar a bhí riamh cheana. Is í an iománaíocht ceann de na rudaí is speisialta atá ag na Gaeil. Ní thuigim cén fáth nach dtugtar níos mó aire di.