DRÁMA: The Walworth Farce
Amharclann an Olympia, BÁC / 10 Eanáir – 08 Feabhra 2015
Bhí an-rath go deo ar dhráma Enda Walsh, Ballyturk, anuraidh.
Chonaic na mílte é, agus é ar chamchuairt, i Londain, Corcaigh, Gaillimh agus in Amharclann an Olympia, sa phríomhchathair.
Anois tá Walsh ar ais le saothar úrnua, The Walworth Farce.
Tá cliar chomh haitheanta céanna le baill aisteoirí Ballyturk luaite leis an léiriú seo – athair agus beirt mhac – Brendan, Domhnall agus Brian Gleeson, mar aon le Leona Allen. Is é Seán Foley, a bhfuil cúpla gradam Oilvier ina bhailiúchán, stiúrthóir an dráma.
Baineann an scéal le Dinny agus a bheirt mhac, a fhágann Éire, do shaol nua i Londain. Ach conas a éireoidh leo, agus iad sainithe in árasán bídeach?
Beidh le feiscint, san Olympia, ar feadh díreach ceithre seachtaine amháin, ag tosnú amárach.
DRÁMA: Boicíní Bhóthar Kilburn
Taibhdhearc na Gaillimhe / Dé Sathairn 10 Eanáir, 8in
Pléitear scéal eile a bhaineann le téama na himirce i script an dráma, Boicíní Bhóthar Kilburn.
Jimmy Murphy a scríobh an chéad lá riamh, agus is i mBéarla a dhein sé amhlaidh.
Is aistriúchán é an dráma seo de The Kings of the Kilburn High Road, agus ba é Mícheál Ó Conghaile a chuir Gaeilge air.
Tá an dráma léirithe ag go leor cumann drámaíochta thar na blianta – i nGaeilge agus i mBéarla – agus do thug Aisteoirí an Spidéil faoi ag deireadh na bliana seo caite. Léireofar arís a leagan siúd Dé Sathairn, ar stáitse na Taibhdheirce.
Is é Peadar Ó Treasaigh stiúrthóir an léirithe seo agus beidh sé le feiscint i bpáirt aisteoireachta chomh maith, mar aon le Seán Ó Coistealbha, Maidhc P. Ó Conaola, Seán Ó Neachtain agus Séamus Ó Scanláin.
CEOL: Sea Road Sessions
Na Sea Road Sessions, atá buíon cheoltóirí ó Éirinn, Sasana, Albain agus an tSualainn, ag tabhairt ar thionscnamh nua dá gcuid.
Seo an chéad uair don seisear seo ar fad a bheith le chéile ar ardán, cé gur casadh ar a chéile go minic iad cheana, agus iad ar bhóthar an cheoil.
Alan Kelly agus Steph Germia na hÉireann, Kris Drever agus Éamonn Coyne na hAlban, an Sasanach Ian Carr agus Staffan Lindors ón tSualainn, baill an ghrúpa.
Tá siad ag tabhairt faoi chamchuairt ar Éirinn i láthair na huaire, sula rachaidh siad trasna na farraige go hAlban, le seinnt ag an bhféile cheoil Celtic Connections.
Tuilleadh eolais ar searoadsessions.com
09.01.15 – Wexford Arts Centre, Loch Garman;
10.01.15 – Glór, Co. an Chláir
11.01.15 – Hawk’s Well Theatre, Sligeach
13.01.15 – An Grianán, Dún na nGall
14.01.15 – The Docks Arts Centre, Liatroim
15.01.15 – Coughlan’s Live, Corcaigh
16.01.15 – Riverbank Arts Centre, Cill Dara
17.01.15 – The Black Box, Béal Feirste
Tá na buaicphointí siamsa seo á gcur i láthair in éineacht leis an gclár Cormaic ag a Cúig ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Craoltar an mhír shiamsaíochta ar an gclár gach Aoine.