Tá grúpa oileán iargúlta lom gar don Antartach nach bhfuil aon duine ina chónaí orthu san áireamh sa réimse leathan taraifí idirnáisiúnta a d’fhógair Donald Trump tráthnóna inné.
Tá Oileán Heard agus Oileáin McDonald, ar críoch sheachtrach de chuid na hAstráile iad, ar na háiteanna is scoite amach ar domhan ach tá taraif 10% curtha orthu ag údaráis Stáit Aontaithe Mheiriceá.
Piongainí is mó a chónaíonn ar na hoileáin, atá clúdaithe le hoighearshruthanna agus nach féidir a bhaint amach ach ar thuras báid a thógann coicís. Meastar nár thug aon duine daonna cuairt ar na hoileáin le beagnach 10 mbliana anuas.
“Níl aon áit ar domhan sábháilte” an freagra a bhí ag príomh-aire na hAstráile, Anthony Albanese, ar chluinstin na nuachta dó.
Bhain Trump an bonn ó pholasaí eachtrach seanbhunaithe SAM inné nuair a chuir sé sraith nua taraifí i bhfeidhm ar an trádáil leis an chuid eile den domhan agus tá tráchtairí anois ag tuar go mbeidh cogadh trádála idirnáisiúnta ann ar scála nach bhfacthas leis na cianta.
Ar chúis éigin tá Oileán Heard agus Oileáin McDonald luaite i measc na gcríoch Astrálach a bhuailfear leis na taraifí nua atá tionscanta ag Uachtarán SAM, ach ní dócha go gcuirfidh sé isteach ná amach ar na piongainí áitiúla.