Bhuaigh an Skoda Superb mórghradam ‘Carr na Bliana 2016’ le déanaí.
Ach, an bhfuil an Superb nua chomh maith sin i bhfírinne?
Bhí deis agam an carr seo a thriail trí huaire i gceithre thír éagsúla.
Thiomáin mé é don chéad uair sa Bhaváir.
Mí ina dhiaidh sin thiomáin mé é idir Prág na Seice agus Jelenia Góra, ar an taobh thiar theas den Pholainn.
An tseachtain seo caite bhí sé agam den chéad uair in Éirinn.
An raibh an gradam mór seo tuilte aige?
Leis na hathruithe a rinne Skoda ar an gcarr seo, tháinig feabhas níos mó air thar aon charr eile i mbliana.
Nílim ag rá go raibh lochtanna móra ar an sean-Skoda Superb ach, ó thaobh stíle de, tá an leagan nua míle uair níos deise.
Tóg, mar shampla, an búit a bhí ag an charr a tháinig roimhe, é mar a bheadh tóin ghránna ar cholainn álainn.
Is cinnte go bhfuil an tóin úr níos snasta agus slachtmhaire tar éis na hoibre a rinneadh air.
Déarfainn go bhfuil feabhas mór tagtha ar chuma agus ar stíl an ghluaisteáin seo trí chéile.
Tá sé níos giorra don Passat ná riamh, agus an Passat féin feabhsaithe go mór le bliain anuas.
Tá an Superb déanta ar an ardán céanna le gach Volkswagen nua – an t-ardán MQB-2.
Ar chúis éigin, áfach, tá an-chuid daoine amuigh ansin nach bhfuil meas acu ar Skoda mar gheall ar an droch-ainm a bhí ag an déantóir le linn na n-ochtóidí.
Tá Skoda míle uair níos fearr ná riamh agus chuirfinn an Skoda thar cheann Volkswagen gan amhras.
Cad chuige sin, a deir sibh?
Bhuel, i dtús báire, tá sábháil le déanamh ar an Skoda agus é rúinne beag níos saoire.
Ní hamháin go bhfuil sé níos saoire, ach déantar an dá charr leis an ábhar céanna.
Rud eile ná go mbíonn i bhfad níos mó gnéithe breise i gcarranna de chuid Skoda mar bhunsoláthar.
Mar shampla, tá scáileán tadhallíogair (touch-sensitive screen) ar fáil i ngach Skoda beagnach chomh maith le rotha cóimhiotail, Bluetooth agus rudaí eile den chineál sin gan oiread is pingin amháin breise a chaitheamh.
Bhí lá ann nuair nach a bhí an SEAT agus Skoda imeallach i nGrúpa VW, ach anois is é Volkswagen an chaora dhubh i measc an tréada.
Leis an fhírinne a rá, tá VW ag déanamh dochair don Skoda de bharr na scéalta ar fad atá ag teacht amach faoi #dieselgate agus, mar atá s’agaibh cheana féin, tá roinnt carranna de chuid Skoda a úsáideann an t-inneall EA189.
B’in an ceann leis an uirlis caimiléireachta a choinnigh an nítrigin ocsaíd i bhfolach.
Deir grúpa VW nach bhfuil aon rian na caimiléireachta le brath ar a gcuid feithiclí nua – ach neosfaidh an aimsir.
Gnéithe deasa eile
Tá an carr seo beagnach cúig mhéadar ar fhad ach ní hé go gcuireann an fad isteach ar thiomáint an chairr.
Glacann sé leis an mbóthar go hálainn agus níl caill ar bith air ar na coirnéil – fad is nach bhfuil tú á dtógáil róghasta.
Buach eile ná gur féidir rogha a dhéanamh idir na stíleanna tiomána atá uait agus tú sa charr seo.
Ní gá ach cnaipe a bhrú le fráma an chairr a fháscadh – idir “compord”, “normálta” nó “spórt”.
Mholfainn “compord” agus tú ag tiomáint go mín ar mhótarbhealaí ach níl an stíl sin ró-iontach ar na coirnéil.
Le “spórt” bíonn gach rud sa fhráma níos teannta agus caithfidh mé a rá go mbíonn sé píosa beag róghuagach ar na bóithre atá míchothrom.
As na stíleanna ar fad atá ar fáil, is í “normálta” an stíl is fearr agus glacann sé le bóithre míchothroma agus le coirnéil go maith.
San iomaíocht leis an gcarr seo tá leithéidí an Volkswagen Passat, Mazda 6, Ford Mondeo, agus fiú an Toyota Avensis.
Ó thaobh spáis de níl aon dabht ach go bhfuil an lámh in uachtar ag an Superb.
Déarfainn go bhfuil imní ag teacht ar chol ceathrar an Superb, an Passat, go bhfuil an Superb níos fearr ná é go fiú.
Go pearsanta, déarfainn go mbeadh iomaíocht níos mó idir an Superb agus an Mazda 6 ná aon charr eile sa réimse, ach ar an drochuair, tá an Mazda 6 róchostasach le dúshlán ceart a thabhairt dó.
Ar deireadh, tá gnéithe beaga simplí agus cliste atá ar fáil sa Superb ar mian liom a lua:
– Tá scáth báistí i bhfolach sa dá dhoras chun tosaigh.
– Tá tóirse sa bhúit.
– Ní féidir an breosla mícheart a chur sa charr.
– Tá scríobaire oighir in aice leis an tanc breosla.
– Deoch deas fuar ar lá breá nó cupán tae teolaí ar lá fliuch.
– Is féidir teocht an phóca ina gcoinnítear na cupáin a bhainistiú.
Má cheapann sibh go bhfuil mé ródheas faoin Superb, iarrfaidh mé oraibh cuardach Google a dhéanamh air agus drochthuairisc a fháil dom!
Fillfidh mé ar an gceist a bhí agam ag an tús.
“An raibh an duais ‘Carr na Bliana’ tuilte aige?”
Bhí.