“An oíche Ghaeilge is mó i mbliana”

Níl aon mhaolú ar ghníomhaíochtaí an Dream Dearg ó thuaidh agus an ghluaiseacht Ghaeilge anois ag beartú mórócáid cheoil agus tiomsaithe airgid a reáchtáil i mBéal Feirste ar an mhí seo chugainn.

An Dioscó Dearg’ atá baiste ar an imeacht a thitfidh amach sa Daimhinis (Devenish) mar chuid de Fhéile an Phobail, atá aitheanta i measc na bhféilte pobail is mó san Eoraip agus atá ar siúl in iarthar na cathrach ó bhí 1988 ann.

Ar na bannaí a rachaidh chun ardáin ar an oíche, Dé Sathairn 5 Lúnasa, tá laoch Chiarraí Pádraig Ó Sé agus Pólca 4, na reigé-dóirí Feirsteacha Bréag, an ensemble ceolmhar Tonnta agus an t-amhránaí-scríbhneoir Conallach Emma Ní Fhíoruisce.

Rachaidh gach punt ón doras i dtreo obair an Dream Dearg – atá i gcroílár an fheachtais ar son Acht Gaeilge ó thuaidh – agus, i bhfianaise an léirsithe mhóir i mBéal Feirste i mí Bealtaine, táthar ag súil go mbeidh na sluaite i láthair ag an Dioscó Dearg.

“Is féidir le beagnach míle duine dul isteach sa Daimhinis agus tá muid dóchasach go mbeidh sé seo ar an oíche Ghaeilge is mó go dtí seo i mbliana, aon áit sa tír,” arsa Máirtín Mac Gabhann, duine den lucht eagraithe.

“Tá an Ghaeilge go fóill sna cinnlínte nuachta mar gheall ar an fheachtas chun reachtaíocht a bhaint amach don teanga anseo sna sé chontae agus tá muid ag iarraidh cur leis an bhrú sin agus cúrsaí Gaeilge a choinneáil i mbéal an phobail.

“Is tábhachtach an rud é go mbeadh spraoi ag baint leis an fheachtasaíocht agus cuireann muid fáilte roimh gach duine bheith linn ar an oíche – beidh bannaí iontacha ag seinm agus is maith leis na Gaeil bheith ag cóisireacht mar sin is cinnte go bhfuil ócáid den scoth os ár gcomhair!”


Níl ach £10 ar thicéidí don Dioscó Dearg agus is féidir leat do cheannsa a fháil anois ar líne ó Eventbrite nó ó Ionad na Daimhinise féin.

SCÉALTA EILE