An bhfuil sibh réidh d’eispéireas campála nach raibh a mhacasamhail riamh cheana agaibh?
Gach bliain tagann trealamh nua chun cinn a chuireann lenár gcompord agus muid ag caitheamh oícheanta amuigh faoin spéir.
In áit puball trí phearsa a cheannach in Argos sula mbuaileann tú an bóthar chuig féile cheoil deireadh seachtaine, thig leat infheistiú i bpuball a bhfuil painéil ghréine, foinsí luchtaithe agus giuirléidí iontacha eile nach iad ar fáil ann.
Ach déarfainn nach sáróidh aon rud ar an mhargadh an puball iontach seo atá cruthaithe ag comhlacht allamuigh sa tSeapáin, Logos.
Decagon Modular is ainm dó agus tá sé tar éis mórdhuais deartha a thabhairt leis sa tSeapáin.
Thuigfeá cén fáth ach breathnú air, go háirithe san oíche.
Tagraíonn an focal ‘modúlach’ do na haonaid éagsúla a thagann le chéile chun an mórstruchtúr a dhéanamh.
Ar an uasmhéid, tá dóthain spáis ann do sheisear déag, ach tá rogha ann puball aonair a chur in airde chomh maith.
Ceanglaítear aonaid ar gach taobh den phuball pheinteagánach sa lár agus tá carrfort sna géaga ar féidir trí charr a pháirceáil ann.
Anuas air sin, tá seomra béilí ann agus neart spáis le bheith ag siúl thart ann agus tú tirim te teolaí!
Cé nach bhfuil ach roinnt táirgí forbartha ar bhonn trialach go dtí seo, táthar ag súil go mbeidh sé ar fáil do shéasúr na bhfeiltí ceoil ar an bhliain seo chugainn.
Bímis ullamh le Decagon Modular faoi choinne féile Ravelóid agus an Phicnic Leictreach amach anseo mar sin!