10,000 ubh i m’uibheagán, s’il vous plaît


Is dócha gur chuala tú go bhfuil imní ann faoi láthair ar mhór-roinn na hEorpa faoi na milliúin ubh agus faoin raon feithidnimhe a d’fhéadfadh bheith istigh iontu.

Níor chuir an nuacht sin isteach ná amach ar bhaile sa Bheilg, áfach, a lean lena thraidisiún d’oll-uibheagán a dhéanamh an tseachtain seo i bpanna atá ceithre mhéadar ar leithead.

Thosaigh an nós in Malmedy – baile Fraincise in oirdheisceart na tíre – 22 bliain ó shin agus úsáideadh thart ar 10,000 ubh leis an mhias mhór a réiteach faoin spéir i lár an bhaile.

Bhailigh na céadta duine chun an t-uibheagán a fheiceáil, agus a bhlaiseadh, agus bhí lá den scoth ann de réir na dtuairiscí.

Tá ‘eagras uibheagán’ sa bhaile a chuireann traidisiún an grande omelette chun cinn agus tá an cleachtas á scaipeadh anois go háiteanna eile ar domhan.

Anois, cén chuma a bheadh ar 10,000 ubh scrofa…?!

SCÉALTA EILE