An Chéad POP UP Gaeltacht shláintiúil


Níl aon stop le feiniméan nua seo na preab-Ghaeltachta agus imeachtaí á bhfógairt ar fud na tíre agus níos faide i gcéin gach aon seachtain!

Ar maidin, Dé Sathairn 18 Feabhra ag meán lae, beidh casadh beag sláintiúil ar an teacht le chéile Gaelach, sa spórtlann ACLAÍ atá suite i lár Chathair Chorcaí.

In áit beorach, beidh uisce, neart aclaíochta agus allais, ceol Gaelach agus gluaiseachtaí trí mheán na Gaeilge.

“Tá fearadh na fáilte roimh chách chuig an Ghaeltacht is sláintiúla dá raibh riamh ann agus triail a bhaint as a gcuid Gaeilge agus a bheith ag aclaíocht linn,” arsa Ainle Ó Cairealláin, a bhíonn ag reáchtáil na spórtlainne i dteannta Shakira Coonghe.

“Beidh ceol Gaelach agus cleachtaí Gaelacha ann a bheas oiriúnach do gach leibhéal, gan aon chostas ar an doras,” ar sé.

Dúirt Shakira go bhfuil sí an-tógtha le hoícheanta na bPreab-Ghaeltachtaí agus gur rogha eile iad atá á cur ar fáil ag Aclaí chun úsáid a bhaint as an Ghaeilge sa ghnáthshaol.

“Ba mhaith linn slí mhaireachtála shláintiúil a chur chun cinn mar aon leis an nGaeilge, in áit í a bheith gafa i dteach tábhairne i gcónaí.”

Cuardaigh Pop-Up Gaeltacht Shláintiúil á reáchtáil ó 11 go dtí 2in. Saorchead isteach. Tuilleadh eolais anseo!

SCÉALTA EILE