Insíonn Ciara Ní É dúinn faoin chluiche cártaí rathúil ‘Cards Against Humanity’ agus glacann sí an chéad chéim i dtreo leagan Gaeilge a chruthú do na Gaeil gháirsiúla.
Tá an cat amuigh, a chairde!
Fógraíodh ar leathanach Facebook Cártaí in aghaidh an Chine Dhaonna le déanaí go mbeidh leagan Disney den chluiche ag teacht amach go luath.
Agus nach mise atá ar bís faoi chuimhní cinn m’óige a lot le jócanna gáirsiúla, nathaíocht ghreannmhar agus spraoi focal.
Ina theannta sin, tá caint san aer le déanaí go bhfuil grúpa imreoirí díograiseacha tar éis paca cártaí a chur amach a chíorann gach gné d’eipic Harry Potter.
Tréaslaím a gcuid iarrachtaí leo más fíor, ach tá gach cosúlacht ar an scéal go mbeidh an leagan Disney seo ar díol go hoifigiúil agus fáil air go forleathan.
Mura bhfuil eolas agat ar an gcluiche cárta seo, tá sé simplí go leor.
Go bunúsach, is cluiche cártaí cóisire é atá bunaithe ar imeartas focal.
I ngach babhta roghnaíonn duine amháin cárta dubh a bhfuil bearna air, agus roghnaíonn na himreoirí eile an cárta bán is fearr chun an bhearna a líonadh.
Nuair a léitear amach na cártaí bána bígí ag súil le go mbeidh na himreoirí uile sna trithí gáire.
Roghnaítear an cárta bán is oiriúnaí agus caithfear oibriú amach ansin cé a phioc é.
Má éiríonn tú tógtha nó má mhaslaítear tú go héasca, fan amach ón gcluiche seo.
Más maith leat a bheith ag meascadh grinn agus aoire nó a bheith ag spraoi thart le focal, rachaidh an cluiche seo i bhfeidhm ort.
Tugann ainm an chluiche ‘Cártaí in aghaidh an Chine Dhaonna’ mórán le fios dúinn faoin gcluiche focal seo.
“Cluiche cóisire do dhaoine gránna” an mana atá acu agus tá clú agus cáil ar an gcluiche graosta seo as na deiseanna a thugann sé do na himreoirí a bheith go hiomlán neamh-PC!
I measc an ábhair a bheas ar chártaí bána Disney, beidh leithéidí ‘vaginal burns from Lumiere’ agus tagairt do mháthair mharbh Bambi.
Ar chárta dubh amháin beidh ‘Thanks to Disney I have unrealistic expectations about ______’… a bheadh greannmhar go leor, mheasfá.
Baineann cuid mhór den spraoi a eascraíonn ón gcluiche seo le haithne níos fearr a chur ar na himreoirí eile agus an dúshlán tugtha don uile dhuine agaibh teacht ar fhreagraí amaideacha gáirsiúla.
Molaim go mór cluiche a imirt le do mhuintir.
Beidh ionadh an domhain oraibh agus sibh ag foghlaim faoi fhéith ghrinn do mháthar, nó do sheanmháthar fiú!
Más mian leat blaiseadh a fháil den chluiche, is féidir é a imirt le daoine ar fud an domhain – nó díreach breathnú ar dhaoine eile á imirt ar líne anseo.
Nó d’fhéadfá tumadh isteach agus paca cártaí a cheannach anseo.
Tá roinnt pacaí speisialta ar féidir a roghnú, ina measc – Cuimhní Cinn na 90í, Paca Ficsean Eolaíochta, paca jócanna amaideacha agus paca atá folamh ar féidir a líonadh le do chuid jócanna féin!
Mura mian leat aon airgead a chaitheamh, tá leaganacha PDF ar fáil ar an suíomh ar féidir iad a íoslódáil, a chur i gcló agus a ghearradh amach.
Níos saoire ach cineál pianmhar ag an am céanna.
Bíonn leaganacha éagsúla ag Cards Against Humanity a dhíríonn ar an tír ina ndíoltar iad ach níor tháinig a leithéid chomh fada linn in Éirinn go fóill.
Sin ráite, tá leagan an-chosúil leis darb ainm Ah Here Now curtha amach ag fiontraí de chuid na tíre seo a bhfuil tagairtí greannmhara a bhaineann le muintir na hÉireann ar fáil ann.
Nach mbeadh sé níos fearr, áfach, a leithéid a bheith ar fáil i nGaeilge?
Ní hamháin go mbeadh sé inár dteanga féin ach bheadh jócanna sainiúla á gcumadh againn faoi chultúr na hÉireann agus chultúr na nGael.
Ba dheas go deimhin, agus tá mé anseo le rá libh gur féidir leat cabhrú linn tabhairt faoi ach cuairt a thabhairt ar an gcáipéis Excel seo.
Tá scarbhileog phoiblí roinnte curtha le chéile agam chun an cluiche a aistriú.
Tá sé sách simplí.
Tá dhá leathanach ann don aistriúchán, agus dhá leathanach do chártaí nuachumtha – féach na lipéid ar bhun an leathanaigh Excel.
Má tá inspioráid uait le haghaidh cártaí nuachumtha, tá neart ábhar ar fáil ach cuairt a thabhairt ar an leathanach seo.
Agus ná bí buartha faoi d’ainm maith a lot le rudaí gáirsiúla a scríobh isteach – is féidir bheith páirteach go hanaithnid!
Anois, feicfimid cén cineál mianaigh atá sna Gaeil!